Nómach
Saghas cluiche is ea Nómach (Béarla: Nomic) nach bhfuil rialacha ar bith aige seachas na rialacha a chruthaíonn na himreoirí.
Sampla de | cluiche agus físchluiche |
---|---|
Cruthaitheoir | Peter Suber |
Ba é an fealsamh Peter Suber a chruthaigh an cluiche agus tá an coincheap leagtha amach ina leabhar The Paradox of Self-Amendment. Dar leis an údar:
Is cluiche é Nómach ina bhfuil seal san athrú rialach. Sa cháil sin, tá difríocht idir é agus chóir a bheith gach cluiche eile. Is é príomhghníomhaíocht na himreoirí ná athrú na rialacha a mholadh, díospóireacht a dhéanamh faoin maitheas atá sna hathruithe siúd, na hathruithe a chur ar ghuthaíocht, céard is féidir agus nach féidir a dhéanamh ina dhiaidh sin a shocrú, agus é sin a dhéanamh. Is féidir, ar ndóigh, an croí sin féin a athrú.
— Peter Suber, The Paradox of Self-Amendment