Na daonlathaithe sóisialta (an tSualainn)
Is páirtí polaitíochta Sualannach é Na Daonlathaithe Sóisialta (Sualainnis: socialdemokraterna). Bunaíodh sa bhliain 1889 é. Is é an páirtí is mó sa tSualainn é, agus is íh Magdalena Andersson ceannaire an páirtí ó bhí 2021 ann. Is páirtí daonlathach sóisialach é.
Sonraí | |
---|---|
Ainm gearr | S |
Cineál | páirtí sóisialach daonlathach páirtí polaitíochta |
Idé-eolaíocht pholaitíochta | daonlathas sóisialach sóisialachas daonlathach |
Ailíniú polaitíochta | ar chlé ón lár |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 23 Aibreán 1889 |
Gníomhaíocht | |
Ball de | Páirtí na Sóisialaithe Eorpach An tAontas Forásach Labour and Socialist International (en) (1923–1940) |
Ballraíocht | 75,000 (2020) |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Uachtaránacht | Magdalena Andersson (2021–) |
Ardrúnaí | Lena Rådström Baastad |
Ógeagraíocht | Swedish Social Democratic Youth League (en) |
Úinéir de | |
Parlaimint na Sualainne | 107 / 349 |
Parlaimint na hEorpa | |
Eile | |
Dath | |
Uimhir teileafón | +46-8-700-26-00 |
Suíomh gréasáin | http://www.socialdemokraterna.se/ |
Tá an páirtí i bhfabhar stát leasa, geilleagar measctha, agus ardchánachas. Rialaigh sé rialtas na Sualainne ar feadh formhór an 20ú haois, ceithre huaire ó 1920 go 1926, ansin 1932-1936, 1936-1976, 1982-1991 agus 1994-2006. Chum Príomh-Aire agus ceannaire an pháirtí Per-Albin Hansson an smaoineamh “baile na muintire” (Sualainnis: Folkhemmet), smaoineamh faoi stát leasa Sualannach, le comhoibriú, sábháilteacht, agus gan córas aicmeach.[1] Tharlódh é le leanúnach athchóiriú sóisialta agus méadú leasa laistigh de chreat caipitlíoch i ndiaidh an Spealaidh Mhóir agus an Dara Cogadh Domhanda faoi na Príomh-Airí Per-Albin Hansson (1932–1936, 1936–1946), Tage Erlander (1946-1969), agus Olof Palme (1969-1976, 1982-1986).[2]
Bhog an páirtí go dtí an lár i rith na 1990idí faoi Göran Persson (Príomh-Aire 1996-2006) le polasaithe déine caiteachais de réir mar a bhí an geilleagar ag dul in olcas. Rialaigh an páirtí le páirtí na timpeallachta (Sualainnis: Miljöpartiet) ó 2014 go 2022. Sa bhliain 2021, ainmníodh Magdalena Andersson ceannaire an pháirtí agus an chéad phríomh-aire baineann sa tSualainn.[3]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Folkhemmet" (sv). SO-rummet (2023-08-23). Dáta rochtana: 2023-08-31.
- ↑ Text-Torbjorn Nilsson 6 juli 2010 URL copied to clipboard (2010-07-06). "Socialdemokraterna – folkhemmets byggherrar" (sv). Populär Historia. Dáta rochtana: 2023-08-31.
- ↑ "Magdalena Andersson | Biography, Husband, & Resigns | Britannica" (en). www.britannica.com. Dáta rochtana: 2023-08-31.