Na focail is faide sa Ghaeilge
Is iad seo na focail is faide sa Ghaeilge. An focal is faide dá bhfuil sa bhunachar téarmaíochta téarma.ie ná: déchlóraidéfheiniltríchlóireatán. Tá 32 carachtar ann. Is é an Béarla atá air ná dichlorodiphenyltrichloroethane, nó DDT mar is fearr aithne air. Seans gurb é 'príomhghrianghrafadóireacht' an focal is faide ar téarma.ie nach mbaineann leis an gceimic.
Tá focail fhada eile ann, leis.
- maighnéadaihidridinimic
- steirnicléideamastóideach
- glúcacortacaistéaróideach
- leasphríomhfheidmeannach
- aerghrianghrafadóireacht
Seo roinnt as liosta gaelspell.
- tarraingeoireachtaí
- ardteistiméireachtaí
- ghearr-chlóscríobhaí
- paraimhíochaineoirí
- neamhchoinbhinsiúnaí
- leictreaphlátálfaidís
- d'fhótachóipeálfaidís
- thimpeallghearrfaidís
- phríomhghníomhaireachtaí
- dhí-ocsairibeanúicléasaigh
- bhfrithsceimhlitheoireachta
- ghearr-chlóscríbhneoireachta
FGB neamhchorrabhuaiseach = nonchalant, self-possessed, unperturbed
Na focail is faide sa Ghaeilge gan an litir chéanna ann faoi dhó: contaebhuirg, múnlóireacht, fondúireacht, prionsúlacht (nó fiú "bprionsúlacht"). Má cheadaítear a/á, e/é, srl. san fhocal céanna, is é "béalscrúduithe" (nó "mbéalscrúduithe") is faide.
Focail níos sine
cuir in eagarLEIDHBREIPSGÍSEINGEALLÚTOISDIOGH http://dil.ie/6608
FIANAMAILECHARADHARTAI http://dil.ie/21952
Is cosúil ón gcur síos i bhFoclóir eDil gur geáitsíocht filíochta agus carnadh siolla faoi ndear iad.