Naomh Rómhánach-Bhriotanach is ea Naomh Ursula. Tá 385 AD i measc na mblianta a luaitear san iliomad cuntas ar bheatha Ursula mar bhliain a báis.

Infotaula de personaNaomh Ursula

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith4 haois
Corn na Breataine Cuir in eagar ar Wikidata
Bás385

Köln Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisDúnbhású
Áit adhlacthaSint-Janshospitaal (en) Aistrigh
Cathedral of the Assumption of the Madonna (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Tréimhse amaImpireacht Íochtarach na Róimhe
Tréimhse oibre4 haois –  4 haois
TeangachaAn Choirnis, an Bhriotáinis agus an Laidin
Ardú
Lá féile21 Deireadh Fómhair Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Teideal uasalBanphrionsa Cuir in eagar ar Wikidata
CéileConan Meriadoc Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteGadeon Cuir in eagar ar Wikidata
AthairDionotus
Croineolaíocht
Saint Ursula goes to Cologne (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Ceiliúrtar a lá féile ar an 21 Deireadh Fómhair (de réir an Féilire Ginearálta Caitliceach).

"Béarín beag baineann" an chiall atá le Ursula i Laidin ("ours" i bhFraincis inniu).

Creideann formhór na staraithe gur finscéal é scéal Naomh Ursula. De réir bhéaloideas na meánaoise[1], seo creatlach scéal Ursula:

Bhí Dionotus ina ar Dumnonia, ríocht in iardheisceart na Breataine. Bhí iníon aige, Ursula. Ar iarratas a hathair, bhí sí geallta do rí pagánach in Armorica (an Bhriotáin sa Fhrainc inniu). Thosaigh sí amach le 11,000 maighdean mar chompánaigh aici. Sheol siad go hArmorica, agus shroich siad an tír úd in aon lá amháin, slán sábháilte. Ach nuair a bhí an Mhór-roinn bainte amach aici, shocraigh Ursula dul ar oilithreacht go dtí an Talamh Naofa. Bhí sé de mhí-ádh orthu casadh ar phágánaigh in Köln, sa Ghearmáin, agus cuireadh chun báis iad; dícheannaíodh na maighdeanacha go léir; ach mharaigh an taoiseach Hunach Ursula le saighead.

 
Mharaigh an taoiseach Hunach Ursula le saighead (Francesco Ruschi, 17ú haois, Gallerie dell'Accademia, Venice)

Tá finscéal Ursula agus scéal Naomh Sunniva cosúil lena chéile ar bhealaí áirithe. Banphrionsa Críostaí Éireannach ba ea Sunniva sa 9ú haois. Scríobhadh an chéad chuntas ar Naomh Ursula, áfach, roimh shaol Sunnifa, agus tá scoláirí amhrasach arbh fhéidir le haon nasc a bheith ann idir an dá scéal.

Na hUrsalaigh

cuir in eagar

Tugadh Cuallacht Aingil de Naomh Ursula, nó na hUrsalaigh, ar an mná a bhí ag obair le Naomh Aingeal Merici[2]. Dob iad an chéad chuallacht bean rialta a d’oibrigh taobh amuigh den chlochar iad, agus an chéad ghrúpa bean rialta le múineadh a dhéanamh.

  1. "Ursula agus na Mílte a Maraíodh", EAGRÁN 124 · LÚNASA 2011 http://www.beo.ie/alt-ciste-na-bhflaitheas.aspx
  2. Acmhainní do Phobal na Scoile, Seachtain na Scoileanna Caitliceacha, 2009 http://www.catholicbishops.ie/wp-content/uploads/images/stories/features/Catholic_Schools_Week/primary_gaeilge.pdf