Is éard is neamhord pearsantachta ann ná stíl righin iompraíochta nach gceadaíonn don duine socrú síos sa tsochaí mar ba chóir ná caidreamh ceart a choinneáil leis na daoine eile. Bíonn patrúin áirithe iompraíochta chomh greamaithe sa duine - is cuid dá phearsantacht iad go bunúsach - is nach dtig leis é féin a shaoradh uathu, rud a chuireann a shaol ó mhaith ar a lán bealaí.

Neamhord ilphearsantachta, siomból

Neamhoird phearsantachta de réir Chumann Síciatrachta na Stát Aontaithe cuir in eagar

Video explanation of cluster A personality disorders

A-Chnuas na Neamhord: neamhoird na n-"éan corr" cuir in eagar

  • An Neamhord Paranóideach Pearsantachta. An duine atá sa riocht seo, bíonn sé an-mhímhuiníneach as na daoine eile, agus ní féidir leis muinín ná iontaoibh a bheith aige astu.
  • An Neamhord Sciotsóideach Pearsantachta. An duine a bhfuil an neamhord seo ag luí air, is dual dó caidreamh na ndaoine eile a sheachaint, ós cuma leis fúthu.
  • An Neamhord Scitsitíopach Pearsantachta. Bíonn daoine den chineál seo á n-iompar go haisteach nó bíonn piseoga agus creidimh aisteacha dá gcuid féin acu (is é sin, piseoga nach bhfuil forleathan sa tsochaí ina dtimpeall ná ag a muintir féin).

B-Chnuas na Neamhord: na neamhoird dhrámatúla, mhearbhlacha nó mhothúchánacha cuir in eagar

  • An Neamhord Frithshóisialta Pearsantachta (síceapaite, sochapaite agus riochtaí cosúla). An duine atá sa riocht seo, is cuma leis faoi na dlíthe agus faoi chearta na ndaoine eile.
  • An Neamhord Teorannach Pearsantachta. Tá smaoineachas an duine seo bunaithe ar chodarsnachtaí láidre, agus ní féidir leis ach an dubh is an bán a aithint i gcúrsaí an tsaoil. Ní bhíonn ag éirí leis caidreamh a choinneáil leis na daoine eile, agus níl sé cinnte cé hé féin nó cad is mian leis a dhéanamh sa saol
  • An Neamhord Histriónach Pearsantachta. Tá an focal sin "histriónach" bunaithe ar théarma Laidine a chiallaíonn "aisteoir", agus an duine atá sa riocht seo, is dual dó súil na ndaoine eile a tharraingt air féin le geáitsí drámatúla agus le mothúcháin áibhéalacha.

C-Chnuas na Neamhord: na neamhoird fhaiteacha nó eaglacha cuir in eagar

  • An Neamhord Seachantach Pearsantachta. An duine atá sa riocht seo, seachnaíonn sé caidreamh agus cuideachta na ndaoine eile. Ní hionann é agus an neamhord sciotsóideach, nó is é is cúis le seachantacht an sciotsóidigh ná go bhfuil sé sásta lena chuideachta féin, agus é barúlach nach féidir leis a dhath a fhoghlaim ó na daoine eile ná sult ar bith a bhaint as a gcaidreamh. An t-othar a bhfuil an neamhord seachantach pearsantachta ag luí air, bíonn sé eaglach faiteach roimh na daoine eile, agus é buartha go ndéanfaidh siad dochar dó, go mbeidh siad ag caitheamh anuas air nó ag léiriú dímheasa dó. Bíonn imní agus faitíos air rompu agus é ag iarraidh an drochthaithí a sheachaint roimh ré.
  • An Neamhord Spleách Pearsantachta. An duine atá sa riocht seo, ní féidir leis déanamh as dó féin ná críoch a chur ar a shaol féin. Bíonn máistir éigin de dhíth air le treoir a thabhairt dá shaol.
  • An Neamhord Éigníoch Dúghafach Pearsantachta.

Tagairtí cuir in eagar