Ortha an Ghreama
Dhéantaí Ortha an Ghreama ar fud na hÉireann.
Scéal a bhaineann leis
cuir in eagarDeirtear go raibh lóistín á lorg ag Muire di féin agus d'Íosa i dteach áirithe. Níor theastaigh ó bhean an tí cead a thabhairt dóibh teacht isteach sa teach, ach dúirt a fear céile leo go dtabharfadh sé cead dóibh codhladh sa scioból. Buaileadh an fear breoite le greim i rith na hoíche agus bhí ar a bhean cuidiú a iarraidh ar Mhuire. Dúirt Íosa le Muire lámh a chur le taobh an fhir agus an ortha a rá. Rinne sí amhlaidh agus leigheasadh an fear.
Ortha an Ghreama
cuir in eagar- Fear mín aige bean bhorb,
- a chuir Íosa Críost ina luí insa cholg,
- - dearna Mhuire is cúig mhéar Íosa
- cuirimse ag scaipeadh is ag scaoileadh an ghreama so,
- in onóir Dé is na Maighdine Muire,
- ad' iarra' ar Dhia is ar a Mhaighdin ghlórmhair
- scaipeadh is scaoileadh a chur ar an ngreim seo!
Tagairtí
cuir in eagarÓ hÓgáin, Dáithí. Myth, Legend and Romance. Londain, 1990.