Pádraic Maher
iománaí Éireannach
Iománaí Éireannach is ea Pádraic Maher (Pádraic Ó Meachair i nGaeilge), a rugadh ar an 9 Feabhra 1989. As Dúrlas Éile i gContae Thiobraid Árann dó. Imríonn sé leis an club iomána áitiúil agus le foireann an chontae. Bhí sé ina bhall d'fhoireann na mionúr nuair a bhaineadar craobh na hÉireann sna blianta 2006 agus 2007. I 2010 bhuaigh sé Craobh faoi-21 na hÉireann mar aon le Craobh na Sinsear. De ghnáth imríonn sé mar chúlaí. Bhain sé gradam 'all star' amach sa bhliain 2011, 2014, 2016 agus 2017.
(2014) | |||||||||||||||||
Beathaisnéis | |||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Breith | 9 Feabhra 1989 35 bliana d'aois Durlas, Éire | ||||||||||||||||
Gníomhaíocht | |||||||||||||||||
Gairm | iománaí, garda | ||||||||||||||||
Spórt | iomáint | ||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
Gradam a fuarthas |
D'fhógair Maher ag tús 2022 go mbeadh sé ag dul ar scor.