Is éard is palandróm ann ná focal nó abairt nó bailiúchán siombailí ar féidir an chiall chéanna a bhaint as a léamh bealach amháin nó droim ar ais. Seo ceann sa Bhéarla Was it a cat I saw? (An é cat a chonaic mé). Ceann sa Ghearmáinis ná é seo Sei fein, nie fiesbí go deas, ná bí dána riamh. Tá struchtúr palandróim sna uimhreacha chomh maith, mar shampla, 11/11/11

Cearnóg Sator[1]

An tAonú hUair Déag,  An tAonú Lá Déag,  An tAonú Mí Déag[2]

Palandróim sa Ghaeilge cuir in eagar

Focail cuir in eagar

  • ala
  • alla
  • ata
  • cúitiúc
  • dúrud
  • maram
  • millim
  • óró
  • radadar
  • sanas
  • sos
  • bob
  • diúid
  • mám
  • sás
  • Dod
  • gog
  • mím
  • píp
  • radar

Abairtí samplacha is nathanna cuir in eagar

  • A Nóinín, níl an rí anocht ar Ráth Conair, ná linn in Iona (ní fios cé a chum an sampla breá seo)
  • sílim a cáca milis?
  • Ab! An millim na ba?
  • Á, tá a mama ata!
  • Níl úr ó d'aga ag a dorú lín
  • tá ga agat
  • tá gá agat
  • ’g ól ológ’
  • ús ’s sú
  • liús ’s súil
  • sonas sa nós
  • Molaid dia lom
  • An gogán
  • Rud dúr
  • Log ag a gol
  • Níl sorn ag Anna... ní liach, bia, rogáid di. Á! Go raibh cailín ann ag an ros lín. (Seo ceann a chaomhnaíonn na síntí fada.)

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Sator Square" (as en) (2020-10-12). Wikipedia. 
  2. blogs.transparent.com. "Tháinig sos comhraic i bhfeidhm ar 11/11/1918". Dáta rochtana: 2020-11-11.