Pangram
Is éard is pangram ann ná tacar focal i bhfoirm abairte a thaispeánann sampla clófhoirne trí na litreacha ar fad a úsáid in achar gearr.
Pangraim Ghaeilge
cuir in eagar- Ógánaigh mar Éava agus Úna as Port Árann a d’fhuadaigh báid na nÍoslannach fadó. Seo an ceann atá in úsáid ar bogearraí Windows ar nós Word.
- Ċuaiġ bé ṁórṡáċ le dlúṫspád fíorḟinn trí hata mo ḋea-ṗorcáin ḃig (Chuaigh bé mhórshách le dlúthspád fíorfhinn trí hata mo dhea-phorcáin bhig.)
Cuimsíonn sé seo gach guta fada agus gach guta gan síneadh fada, chomh maith le gach consan a bheith séimhithe agus neamhshéimhithe ann. Tá a leithéid úsáideach chun an Cló Gaelach a léiriú.
- D’fhuascail Íosa Úrmhac na hÓighe Beannaithe pór Éabha agus Ádhaimh.
- Bí i do phunc ó learg, más fút é. [1] (Is pangram foirfe an ceann seo, gach litir san aibítir uair amháin san abairt.)
- Lorg fód, péacú ⁊ míbhuntáiste. [2] (Beagnach ina pangram foirfe; tá dhá “t” ann.)
- D'ith cat mór dubh na héisc lofa go pras Tá 31 litir ann agus folaíonn sé gach ceann de na 18 litir atá le fáil i bhfocail dhúchasacha na Gaeilge, ach ní chuimsíonn sé na gutaí fada, á, í, nó ú, ná an 'e' gan síneadh fada. Úsáideann Gaelchló an ceann seo.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Kevin Scannell ar Twitter" (Gaeilge). Twitter. Dáta rochtana: 2017-10-21.
- ↑ J. Ní Ógáin; 29, Oct, 2021