Paradacsa an Fhiaigh Dhuibh

Tá an paradacsa seo - Paradacsa an Fhiaigh Dhuibh - i ndiaidh Carl G. Hempel, a chum é.[1] Bhí sé ag plé le conas tairiscint a dheimhniú (Confirmation theory) agus mhínigh sé an paradacsa i dtéarmaí éin: "an fiach dubh" (raven). Le haghaidh an chuntais a thabharfar anseo, fágaimid an aidiacht "dubh" ar lár agus tugaimid "fiach" ar an éan sin. (Is suimiúil[fíoras?] gur thug an Seabhac fiach (gan an aidiacht) ar raven agus fiach mara ar cormorant ina fhoclóir.[2])

Ba í an tairiscint nó an hipitéis a bhí ag Hempel ná:

H: Tá gach fiach dubh.
(x)(Fx -> Dx)

(Tá cuma "tá sé fear" air seo, ach ritheann sé níos fearr leis an tslí ina scríobhtar sa loighic shiombalach.) Pé scéal é, maidir leis an bhrí, níl mórán deacrachtaí leis an fhoirm seo. Má fhéachaimid ar fhiach (Fa) agus tugaimid faoi deara go bhfuil sé dubh (Da), sin deimhniú ar an hipitéis. Má tá an fiach neamh-dhubh (~Da), (i.e. ar dhath nach dubh é), diúltaítear an hipitéis. Úsáidimid Fx d'fhiach ar bith agus Fa d'fhiach áirithe.

Ach is féidir H a scríobh ar bhealach eile H* atá díreach mar an gcéanna maidir leis na rialacha loighce:

H* Tá gach rud neamh-dhubh ina neamh-fhiach
(x)(~Dx -> ~Fx)

Cé go bhfuil cuma ait ar an leagan amach seo – i leith gach rud nach bhfuil dubh, ní fiach é – níl aon sarú (ghnáth)rialacha na loighce ann (H=H*).

Ag úsáid na hargóinte thuas, má fhéachaimid ar rud ar bith nach bhfuil dubh (~Da), mar shampla peann gorm, agus tugaimid faoi deara nach fiach é (~Fa) – sin deimhniú éigin ar an hipitéis (~Da -> ~Fa).

Tá cuma pharadacsúil air seo! Conas is féidir le peann gorm deimhniú go bhfuil dath dubh ar gach fiach?

Ar shlí amháin tá sé fíor – má bhíonn cainníocht i gceist. Cuir i gcás go bhfuil 100 fiach agus 10,000,000 ní nach bhfuil dubh ann. Má iniúchaimid fiach agus deimhnímid go bhfuil sé dubh, sin fianaise láidir (1 sa 100) ag dul lenár hipitéis. Má iniúchaimid rud nach bhfuil dubh agus deimhnímid nach fiach atá ann, sin fianaise rí-bheag (1 sa 10,000,000) i bhfabhar na hipitéise --- ach is fianaise é mar sin féin. Sin an réiteach Bayesian ar an scéal[3].

Ach tá cuma pharadacsúil ar an scéal fós. De réir na rialacha loighce, tugann peann gorm fianaise dearfach i leith H. Ach tugann sé leis fianaise dearfach don hipitéis go bhfuil gach préachán bán.[4]

Ghlac Hempel féin nach raibh paradacsa ann nuair a fhéachaimid ar dheimhniú mar chainníocht.[5] Ach a mhalairt de thuairim a bhí ag Quine[6]. Dar le Quine, caithfear teorainn a chur le neamh-fhiach (~Fx), sa chaoi is go gcaithfear claoi le roghnú nádúrtha, i gcomhthéacs Darwin, agus an stair a ghabhann leis (natural kinds an téarma a úsáideann sé).

Nótaí cuir in eagar

  1. Studies in the Logic of Confirmation, Hempel, Carl G., Mind 54:1-26,97-121
  2. Irish-English Dictionary, An Seabhac, Talbot Press, 1959
  3. Statistical Evidence, A likelihood paradigm, Richard Royall,1999, Chapman & Hall
  4. Mathematical Puzzles and Diversions, Martin Gardner, Penguin Books, lch 55
  5. Science, Explanation and Rationality, The Philosophy of Carl G. Hempel, ed. James H. Fetzer, OUP 2000, lch. 79
  6. in Ontological Relativity and Other Essays, Columbia University Press, 114-138.