Pavia
Is cathair san Iodáil í Pavia (Lombairdis: Pavia; Laidin: Ticinum), atá suite ar an Abhainn Ticino. Tá sí suite i dtuaisceart na tíre, 35 ciliméadar ó Milano.
Pavia | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Tír | an Iodáil | ||||
Réigiún san Iodáil | an Lombaird | ||||
Cúige san Iodáil | Cúige Pavia | ||||
Príomhchathair de | Cúige Pavia (1859–) | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 70,636 (2023) | ||||
• Dlús | 1,116.95 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 63.24 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Ticino | ||||
Airde | 77 m | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Eachtra thábhachtach | |||||
Éarlamh | Syrus of Pavia (en) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 27100 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 0382 | ||||
Aitheantas ISTAT | 018110 | ||||
Cód cadastair na hIodáile | G388 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | comune.pv.it |
Is í Pavia príomhchathair Cúige Pavia agus cónaíonn timpeall 71,000 daoine sa chathair, a lán mic léinn ina measc. Tá clú agus cáil ar an gcathair, mar gheall ar an ollscoil den scoth atá inti, Ollscoil Pavia.
Stair
cuir in eagarSa 14ú haois, socraíodh cleamhnas idir Lionel d'Anvers (Iarla Uladh, agus 'leasrí' ar Éirinn) agus Violante Visconti[1] san Iodáil; misean taidhleoireachta ollmhór agus uile-Eorpach a bhí ann, a thóg dhá bhliain chun ullmhú. Iníon tiarna Pavia agus Milano, Galeazzo Visconti ab ea inti.
Cúpla mí níos déanaí, fuair Lionel bás agus bhí putóga Lionel curtha i Pavia, socrú a d'iarr Lionel ina uacht agus tiomna deiridh.[2][3][4]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Violante Visconti" (as en) (2021-09-03). Wikipedia.
- ↑ Bhí croí Lionel agus a chuid cnámha adhlactha sa phrióireacht Clare i Suffolk
- ↑ Michael L. Nash (2019). "The History and Politics of Exhumation (lch 119, 123 srl)" (as en-gb) (springer.com). doi: .[nasc briste go buan]
- ↑ "Lionel of Antwerp – History… the interesting bits!" (en). History... the interesting bits!. Dáta rochtana: 2021-10-07.