Is éard is Pinyin (Sínis: 拼音; Pinyin: pīnyīn) ann ná córas oifigiúil Dhaon-Phoblacht na Síne (DPS) le haghaidh carachtar Sínise a thras-scríobh. Úsáidtear an córas seo freisin i Hong Cong, Macau, bPoblacht na Síne (An Téaváin/PnaS), Malaeisia agus Singeapór le haghaidh na Mandairínise Caighdeánaí a theagaisc.

WD Bosca Sonraí Córais ScríbhneoireachtaPinyin
CineálRómhánú, romanisation system (en) Aistrigh agus caighdeán ISO
Teangachatransliteration (en) Aistrigh
Cruthú1957

Úsáidtear é freisin go minic chun ainmneacha agus sloinnte Sínise a litriú i bhfoilseacháin eachtracha agus mar mhodh ionchur chun carachtar Sínis (hansaí, hanzi) a chur isteach i ríomhairí.

Sluán scoile ag iarraidh ar mhic léinn Putonghua (an Mhandairínis Chaighdeánach) a labhairt. Scríobhadh an teachtaireacht cheanna sa Phinyin faoi gach carachtar Sínise. Níl tonmharcanna ar na litreacha mar nach n-úsáidtear go forleathan iad sa chomhthéacs seo.

D'fhorbraigh coiste rialtais sa Dhaon-Phoblacht (DPS) an córas rómhánaithe seo agus foilsíodh é sa bhliain 1958. Ghlac an Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán le phinyin mar an caighdeán idirnáisiúnta sa bhliain 1982.

Ghlac an Téaváin (PnaS) leis an gcóras rómhánaithe seo mar 'Chaighdeán Náisiúnta' ar 1 Eanáir, 2009.

Naisc sheachtracha cuir in eagar