Plé:Éirí Amach na Cásca

Latest comment: 17 bliain ó shin by Panu Petteri Höglund

Níor tugadh Aiséirí na Cásca riamh ar an Éirí Amach. Is ionann an Aiséirí agus Aiséirí Chríost, is é sin, an Cháisc. Is trua go gceapann an té atá i gceannas ar an suíomh seo gur féidir gach rud a aistriú ó Bhéarla le buille faoi thuairim seachas le taighde nó léitheoireacht.

Cé thú féin? Agus má tá tú ag fáil lochtanna sna hailt, ceartaigh iad, seachas a bheith ag bitcheáil agus ag caitheamh maslaí le daoine a dhéanann iarracht éigin. Seachas sin, is cuimhin liom 'aiséirí na Cásca' a bheith i ndán éigin a bhí againn ar scoil, ag tagairt d´Éirí Amach 1916. Meabhar. Nollaig 1, 2004.


Níorbh é an Piarsach ceannaire an Éirí Amach. Goll Mac Mórna, 13 Bealtaine 2006.


Níl mé ach ag cur Gaeilge ar an leagan Béarla faoi láthair. Ina dhiaidh sin, caithfidh mé súil ar na foinsí eile. Maidir leis an bhfocal "Aiséirí", ní mise a chuir ann é, ach tá a leithéid de leabhar ann agus Bliain na hAiséirí, a tháinig ó pheann Chú Uladh, agus an tÉirí Amach á phlé ansin mar a chonaic na gnáth-Óglaigh é. Mar sin, ní ábhar adhnua é úsáid an fhocail sa choimhthéacs seo. Panu Petteri Höglund 11:55, 13 Bealtaine 2006 (UTC)Reply

Return to "Éirí Amach na Cásca" page.