Níl a fhios agam cad a deir na foclóirí, ach níl Liútarach ceart. athraíonn li na Gaeilge an l go ceann caol, agus níl ciall leis seo leis an sloinne Gearmánach seo. Mar go bhfuil rud i bhfoclóir, ní gá go bhfuil sé ceart.Meabhar 22:01, 13 Sep 2004 (UTC)

Ach cén fath ainm úrnua a chruthú, má tá focail maith sásúil sna foclóirí cheana féin? Tugtar "An Eaglais Liútarach in Eirinn" ar an caibidil Éireannach; cé nach mór an stóras faisnéisé í an t-Idirlíon duitse maidir le théarmaíocht, ní bhfuair mé aon sámpla de "Lútaránach". Tá a fhios agam go dhéanann stádas an teanga buartha duit, go háirithe maidir le thraidisiún, ach tá cúis maith ann do na foclóirí! Ní hollphéisteanna iad! :)
Ábhar eile - maidir leis an teimpléad do táblaí eolais tíre, féach ar Vicipéid:Scéim Tíortha - caithfimid na sonraí a chinntiú. --Gabriel Beecham 20:52, 14 Sep 2004 (UTC)

A Gabriel, a chara Tá an nasc seo ar scéim tíortha folamh, ach má chuireann tú nasc dom, féachfaidh mé air. Agus caithfidh mé ainmneacha na dtíortha a chinntiú ar na críocha/mór-ranna níos déanaí sa seachtain. Maidir le Lútaránach, bheinn sásta éisteacht le malairt ainm, ach go dtí seo ní bhfuaireas aon fhreagra ceart ar mo cheist anseo ná ar an liosta "Gaelic-L" .i. cén fáth go bhfuil an 'i' ann? Tá rún agam alt a chruthú ar 'Martin Luther' i gcuimhne ar "Reformationstag" ar D. Fómhair 31, ach níl fonn orm dul i ngleic in aragóint ar ainmneacha chomh luath is a bhíonn sé críochnaithe nó leath-scríobhtha agam. Meabhar 14:21, 13 Oct 2004 (UTC)

Cupla focal uaim:

- Is é an t-ainm a bhí ag muintir na Gaeltachta ar lucht leanúna Luther ná "Clann Liútair", féach mar shampla "Rotha Mór an tSaoil".

- An bhfuil aon chosaint inchreidte ar fáil don litriú "Finne-Úgrach"? Is é an leagan atá ar acmhainn.ie ná "Fionn-Úgrach", agus ós rud é gur portal é a úsáidtear go forleathan le haghaidh aistriúcháin oifigiúla, ní fheicim féin cén fáth ar chóir scinneadh uaidh. Mura féidir le haon duine an eisceacht seo a mhíniú dom go sásúil, tá mé ag dul ag cur an litriú ó acmhainn.ie i bhfeidhm ar an Vicipéid agus iontráil nua a bhunú faoi na teangacha seo. - Panu.

Return to "An Fhionlainn" page.