Plé:Arán

Latest comment: 18 bliain ó shin by Gabriel Beecham

Níl alt chiclipéideach sa méid seo, ach b'fhéidir go mbeadh sé inúsáidte ag leabhar cócaireachta éigin ag Vicíleabhair; mar sin, nior scrios mé é, ach d'aistrigh mé an t-inneachar ó Arán donn go dtí an lch seo go dtí go gcuirfear tús le leabhar cócaireachta ag Vicíleabhair. --Gabriel Beecham 23:04, 5 Aibreán 2006 (UTC)Reply

Arán donn - Na Comhábhair. cuir in eagar

Íomhá:Arán2.jpg
Arán Donn



  • 350gr. plúr geal,
  • 250gr. plúr cruithneachta,
  • spúnog de shóid aráin,
  • dhá chupán de bhainne géar,
  • spúnóg de shalann.



Cuir an plúr, an sóid aráin agus an salann isteach i mbabhla leathan agus déan iad a mheascadh le chéile. Doirt isteach an bainne géar diaidh ar ndiaidh agus measc é leis na hábhair eile go dtí go mbíonn an taos go breá bog. Déan an taos a fhuinneadh go mbíonn sé ina chiorcal idir 3-5cm. ar airde. Cuir an taos isteach san oigheann (200˚C) ar feadh 40 nóiméad. Lig dó dul i bhfuaire sula n-itheann tú é.

Return to "Arán" page.