Plé:Contae Bhaile Átha Cliath

Is dóigh liom go bhfuil "Contae Bhaile Átha Cliath" mícheart. I mo thuairim is é Contae Átha Cliath an téarma is mhaithe (cé go bhfuil an contae scoilt idir contae eile).

Aontaím go hiomlán, tá Contae Átha Cliath cheart nuair atá an seanchontae i gcéist, agus tá Contae Baile Átha Cliath cheart nuair atá an contae nua ("Dublin City", bunaithe i 1994) i gceist. B'fheidir go bhfuil an corás cláraithe carr an chúis.

Ainm an leathanaigh a athrú, ós rud é nach ceart é cuir in eagar

Ba mhaith liom an mhír nua seo a chruthú i gcomhair athrú ainm an leathanaigh seo, ós rud é nach ceart an t-ainm atá air fé láthair. Léigh mé an píosa cainte a bhí á phlé cheana, ach caithfidh mé a rá nach n-aontóinn leis an chinneadh sin agus nach dtig liom tuigmheáil go dté mar a n-aontódh daoine eile leis ach oiread. Tuigimse, más an Ardchathair agus a bruachbhailte iad féin atá i gceist, gur 'Contae Bhaile Átha Cliath' a bheadh mar ainm, agus dá mbeadh áiteanna ar leith ar nós Tamhlacht nó Tír an Iúir gur 'Contae Átha Cliath Theas atá ann. An rud a bhfuil le rá agam féin, áfach, nach ceart go gcuirtear 'Contae Bhaile Átha Cliath' ar an leathanach seo mar is an seanchontae í féin é. Is as Contae Átha Cliath mé féin fosta agus leanaimse ar an pheil agus an t-ainm atá ar ár bhfoireann ná 'Áth Cliath', ní 'Baile Átha Cliath'. Nuair a fheictear mo chontae ar na léarscáileanna, is 'Contae Átha Cliath' go bhfeicimse seachas 'Contae Bhaile Átha Cliath. D'iarr mé an phointe seo a ardú cheana féin ach níor fuair mé freagra tar éis breis is mí anois, dá mbeadh éinne sásta labhairt liom ar an phointe seo, bheinn buíoch asaibh.

Return to "Contae Bhaile Átha Cliath" page.