"Original research" atá anseo i mo thuairim. Níl "Baile na Croise" le feiceáil áit ar bith ar an idirlíon. Cá bhfuair tú an logainm seo? Má tá tú ag déanamh traslitriú cén fáth nach ndearna tú traslitriú ceart do Doolish? Tá an focal sin bunaithe ar dhá fhocal - "Doo" nó "Dubh" agus "Glass" agus tá an dá focal ag déanamh cur síos ar an abhainn atá ag dul tríd an phríomhbhaile .i. Doo + Glass = Doolass (litríocht Ghaeilge: Dubh + Glas = Dubhghlas). Nuair atá an focal "abhainn" ny "awin" curtha roimh "Doolass" caithfidh orainn "Doolass" a scríobh sa chás ginideach .i. "Doolish" (litríocht Ghaeilge: Dubhghlais, nó Dúghlais). Mar aon leis sin, ní dhearna tú traslitriú don fhocal "Marown". Cén fáth, mura raibh tú ábalta traslitriú a dhéanamh don fhocal sin, nach raibh "Marown" scríofa mar "Marooney" i nGaeilge Mhanann? Agus, cén fáth go bhfuil an t-alt seo liostaithe faoi "Baile na Croise" (aibítir Éireannach), nuair atá alt againn sa chiclipéid seo faoi Laksaa, alt leis ceannfhocal aige atá scríofa in aibítir Mhanannach. Tá alt againn faoi Doolish/Douglas fosta, ach san alt sin is é "Dubh Lios" (chan fhuil fhios agam cárbh as an t-ainm sin) an t-ainm Gaelach atá ar an bhaile sin. Tá comhsheasmhacht á lorg againn faoi logainmneacha Manannacha. Caithfidh orainn iad a scríobh i nGaeilge Mhanann. Níl cead againn traslitriú a dhéanamh do logainmneacha Manannacha de réir pholasaí na Vicipéide, ach amháin nuair atá tosaíocht ann riamh in áit eile seachas na Vicipéide. --MacTire02 18:21, 20 Mí na Nollag 2009 (UTC)

Return to "Crosbaí" page.