Plé:FIFA

Latest comment: 17 bliain ó shin by Panu Petteri Höglund

B'fhearr liom "...na Peile Cumainn". Is é sin, an focal "association", úsáidtear cosúil le haidiacht é: what kind of football? association kind of football - cén cineál peil? peil chumainn.

Thairis sin, "...Pheil an Chumainn" ba chóir a bheith ann cibé, dar liom. Panu Petteri Höglund 13:23, 16 Meitheamh 2006 (UTC)Reply

Le fírinne, caithfidh mé a rá gurbh é an chéad aistriúchán an ceann is fearr ("Comhaontas Idirnáisiúnta na gCumann Sacair"). Is amhlaidh gur sórt teanga measctha atá i gceist le "Fédération Internationale de Football Associations". Béarla atá sa dá fhocal deireanach, ar chúiseanna stairiúla nach dtuigim féin go maith. Is é sin, nuair a tháinig an Comhaontas ar an bhfód, theastaigh uathu na focail Bhéarla a úsáid taobh istigh d'fhráma Fraincise mar shórt téarma teicniúil: fédération internationale de "football associations".Panu Petteri Höglund 13:27, 16 Meitheamh 2006 (UTC)Reply

  • Fuair mé "Peil an Chumainn" i gcartlann na ndíospóireachtaí Oireachtais [1]. Téarma ársa atá ann sa dá theanga ar ndóigh, ach de réir mo chuid eolais is é "The Football Association" (an cumann Sasanach) an cumann áirithe atá i gceist. "Are you playing Rugby football or Association football?" srl. Nílím cinnte go bhfuil sé inmholta ciall an fhrása a athrú go hiomlán, áfach - céard faoi "Cumann Idirnáisiúnta an Sacair" no "Cumann Idirnáisiúnta na Peile"? --Gabriel Beecham 13:35, 16 Meitheamh 2006 (UTC)Reply
    • Gabh mo leithscéal, níor scrúdaigh mé an nasc sin sular bhain mé úsáid as, ní bhaineann sé leis an sacar; is dócha go mbeadh peil chumainn níos fearr. Ach b'fhéidir go mbeadh "Comhaontas Idirnáisiúnta na Peile", nó aistriú éigin den tsaghas sin, níos fearr arís. --Gabriel Beecham 13:48, 16 Meitheamh 2006 (UTC)Reply
      • Níl "peil" sách soiléir. Is é an ghnáthchiall atá leis ná peil Ghaelach. "Sacar" an gnáthfhocal ar na meáin Ghaeilge. Panu Petteri Höglund 13:50, 16 Meitheamh 2006 (UTC)Reply
      • Agus dála an scéil: Cumann Idirnáisiúnta an tSacair. Ginideach uatha firinscneach ar lorg an ailt!

B'fhearr liom an fhocal sacar a úsáid. Iolar 14:08, 16 Meitheamh 2006 (UTC)Reply


  • Is é "sacar" an gnáthfhocal, agus é comhshamhlaithe go hiomlán do litriú na Gaeilge. Maidir leis a téarma "peil an chumainn", is téarma ársa é nach bhfeicfeá ar na meáin Ghaeilge inniu. Caithim féin mo vóta ar mhaith le "Comhaontas Idirnáisiúnta na gCumann Sacair". Níl "cumann idirnáisiúnta" go rómhaith, nó tá "cumann" róbheag le bheith ina eagraíocht ar an leibhéal domhanda. Panu Petteri Höglund 14:40, 16 Meitheamh 2006 (UTC)Reply
Return to "FIFA" page.