Plé:Forógra na Cásca

Latest comment: 17 bliain ó shin by Joe byrne in topic Forógra na Cásca/Poblachta???

Chuir mé an t-idirvicí isteach, ach le ceann de na naisc a chur ag obair, b'éigean dom an leagan amach a chur as a riocht, agus dealraíonn sé nach bhfuil mé in ann cuma shlachtmhar a chur ar an leathanach arís. Aon duine atá níos fearr ná mise ag láimhseáil an taoibh sin den obair, tá súil agam go gcuirfidh sé bail ar an leathanach. Panu Petteri Höglund 07:41, 22 Aibreán 2006 (UTC)Reply

Tuige aistriúchán úr nuair atá aithne le blianta fada againn ar leagan eile? Is iontach an fuinneamh agus an fonn oibre atá ort, a Phanu, ach cén mhaith do chuid ama a chur amú mar seo? Amharc: http://www.fainne.org/caisc/forogra.html

Is amhlaidh go raibh an t-aistriúchán áirithe seo déanta agam na blianta ó sin, fiú roimh an gceann sin a theacht ar an Idirlíon ar aon nós, agus mar sin ní raibh le déanamh ach é a chur in oiriúint don Chaighdeán. Panu Petteri Höglund 00:13, 24 Aibreán 2006 (UTC)Reply

Forógra na Cásca/Poblachta??? cuir in eagar

Tá dhá ailt againn sa Vicipéid: Forógra na Cásca anseo agus Forógra na Poblachta. Tá siad beagnach an t-alt céanna: réamhrá agus aistriúchán an fhorógra. Tá beagánín níos mó eolais san alt eile ach níl inti ach cúpla focail. An féidir le éinne a rá cén ceann atá ceart? Ba chóir go ndéanfaí lch athseolúchán as ceann amháin dóibh. Molfaidh mé féin an ainm Forogra na Poblachta mar príomhainm an ailt ach ba mhaith liom chloisint ó doine eile. Le meas Seosamh 22:45, 25 Aibreán 2006 (UTC)Reply

Tá an ceart agat go bhfuil Forógra na Poblachta níos fearr mar théarma, ach ón taobh eile bítear ag baint úsáid as Forógra na Cásca chomh maith. Déanaimis athsheoladh mar sin.Maidir leis an aistriúchán, nílim ag rá go bhfuil mo cheann féin níos fearr ná an ceann eile (tá beagnach deich mbliana imithe ó d'aistrigh mé é, agus is follasach go n-aistreoinn ar bhealach eile inniu é, i ndiaidh taithí chomh fada sin ar an nGaeilge), ach is féidir go bhfuil deacrachtaí cóipchirt ag roinnt leis an gceann eile. Panu Petteri Höglund 06:56, 26 Aibreán 2006 (UTC)Reply

Is dóigh liom, a Phanu, go bhfuil an aistriúchán ceart go leor agus má tá seans deacrachtaithe cóipchirt i gceist leis an ceann eile úsáid do cheann, gan dabht. Dar liom, tá an réamhrá i bhForógra na Poblachta níos fearr. Níl neart difríocht ach tugtar níos mó eolais. Ba chóir go scríobhfaí al iomlán ar an bhForógra in ionad réamhrá agus aistriúchán amháin ach sin obair lae eile. Seosamh 15:35, 26 Aibreán 2006 (UTC)Reply

Return to "Forógra na Cásca" page.