Plé:Litríocht na Gaeilge
"Piaras Mac Gearailt (1709-1795), Cúirt na mBurdún, agus ‘Bata na Bachaille’ in Iarthar Déise" le Ciarán Ó Gealbháin.
I mBaile Uí Chionnfhaolaidh, i bparóiste Chill Modhomhnóg, in oirthear Chorcaí, a saolaíodh Piaras Mac Gearailt, tuairim is an bhliain 1709*. Ba dhream gustalach go maith iad na Gearaltaigh tráth, ach faoin am a bhfuair Piaras teacht ar shealúchas a shinsear, ní raibh fágtha ina seilbh ach baile fearainn Bhaile Uí Chionnfhaolaidh féin. D’iompaigh sé leis an bProtastúnachas d’fhonn greim a choimeád ar a chuid, rud a ghoill go mór air an fhaid a mhair sé. Ní théadh sé ‘chum teampaill’ ach nuair ba ghá dho, ámh, agus le himeacht na haimsire, d’éirigh sé as a bheith ag triall ar shéipéal Chill Chríodáin ar fad. Ina theannta san, chum sé an liodán deabhóideach ‘Tréithe na Maighdine Muire’ ag moladh mháthair Chríost, a raibh faillí mhór déanta inti ag an gcreideamh gallda dar leis.
Maireann cúig aisling pholaitiúil leis (Ó Foghludha, 1905; Ó Cróinín, 2007) ach ’sé an dán seacaibíteach (nach aisling é) ‘Rosc Catha na Mumhan’ an saothar is mó cáil dá chuid.
Ba mhinic i gcomhluadar filí eile é: Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin, Donnchadh Rua Mac Conmara, Éamonn de Bhál (arbh as Dún Guairne do), agus Seán Clárach Mac Domhnaill mar shampla. Thugtaí ‘Ard-Sirriam Leithe Mogha’ air, arbh fhéidir ‘chief poet of Munster’ a thuiscint leis (Corkery, 1924). Deirtear gur chaith sé leathchéad bliain ina cheann comhairle ar Chúirt na mBúrdún, cúirt filíochta a thionóltaí i dtigh an Ghearaltaigh féin i mBaile Uí Chionnfhaolaidh, sarar ghéill sé ‘Bata na Bachaille’, comhartha Ard-Sirriam Chúirt na mBúrdún, dá chara agus dá chomhfhile, Éamonn Ó Flaithbheartaigh, sa bhliain 1791 (Ó Foghludha, 1905). Is í sin an bhliain is déanaí ar féidir aon saothar a lua leis, agus cónaí faoin dtráth sin air mar a raibh a iníon pósta, i bparóiste naClaiseMóire i gContae Phort Láirge (Ó Conchúir, 1982). Is ann a d’éag sé, ach tugadh abhaile é chun a churtha i dteannta a mhuintire i mBaile Mhac Óda uair éigin thart faoin mbliain 1795.
Is léir gur samhlaíodh Piaras mar cheannfhile nó mar Uachtarán ar Chúirt na mBurdún lena linn (Ó Conchúir, 2000). Mar a chonaiceamar, ‘Ard-Sirriam Leithe Mogha’ a thugtaí air agus is léir go raibh ana-mheas air i measc na bhfilí a bhí suas in aon aimsir leis, óir is mar sin a thráchtann cuid acu air ina gcuid dánta.
Tuairimíonn Ó Foghludha gur sa bhliain 1744 a cuireadh tús leis an gCúirt, agus go mb’fhéidir go mbíodh sí á tionól faoi dhó sa bhliain (Ó Foghludha, 1905). Mar atá ráite, bhíodh Bata na Bachaille, comhartha na cumhachta, i seilbh an té a bhí i gceannas ar an gCúirt. Ba gheall le bata an easpaig Bata na Bachaille: ‘... (ach gan é a bheith thar dhá throigh go leith ar fhaid), agus go gcoimeád fadh an tArd-fhile é ar feadh trí bliana, de dhealramh, agus ansin éinne a bhuafadh air i bhfilíocht go mbeadh cead aige é a bhreith uaidh (bhí cloiste leis aige [Ó Foghludha] gur bhuaigh bean ó Eochaill, Aibigéal Brún, an bata aon uair amháin, agus go raibh Máire Ní Dhonnagáin, as na Déise, mar cheann ar an gcúirt ar feadh tamaill)’ (Ó Conchúir, 2000: 69) Deir Éamonn Ó Bróithe (2005) linn i dtaobh an bhanfhile dhéanaigh seo, Máire Ní Dhonnagáin (nó ‘Máire na gCaointe’), gur rugadh tuairim is an bhliain 1720 í, go raibh sí i mbarr a réime sa tarna leath den aois chéanna, agus gurbh í tuairim mhuintir Shliabh gCua í ná raibh aon bhreith uirthi mar fhile lena linn.
De réir an tseanchais, mhair Ní Dhonnagáin i gcomhaimsir le Donnchadh Rua agus Uilliam Ó Móráin (file agus oide cáiliúil ó Shliabh gCua), agus bhí baint aici, más fíor, leis na scoileanna scairte Laidine acu (ibid.). Bean chaointe ba ea í, leis, agus is cosúil go mbíodh ag éirí ó am go chéile idir í agus an chléir. Naimhdeas na hEaglaise leis an gcaointeoireacht, b’fhéidir, ba chúis leis an teannas eatarthu. Deirtí go minic i dtaobh chumadóirí filíochta go raibh ‘faobhar ar a dteangan’ nó go raibh ‘teanga faobhrach’ acu (Ó hÓgáin, 1982: 35) agus níor thaise do Mháire é. Bhíodh sí ‘á créil ón oltór’ agus arsa an sagart seo lá léi: ‘An bhfuil tú ansan a Mháire?’ ‘Thá mé ’s dhá thaobh ar mo theangain; taobh mhín agus taobh gharbh’ arsa sí (luaite in Ó Bróithe, 2005: 80). Thugtaí ‘Máire an bhata’ chomh maith uirthi de réir dhá fhoinse agam** agus thuairimeoinn anseo go mb’fhéidir gur i ngeall ar í a bheith ina ceann ar Chúirt na mBurdún i mBaile Uí Chionnfhaolaidh tráth a lean an ainm sin di, agus í sa tseilbh, dá réir, ar Bhata na Bachaille tamall, uair éigin i dtreo dheireadh an 18ú haois, is é is dóichí.
- Tugann Breandán Ó Conchúir 1702 mar bhliain a bhreithe. Gabhaim buíochas leis an Dr Seán Ó Duinnshléibhe as leasuithe áirithe a mholadh ar an alt so. Liom féin aon bhotún nó locht, gan amhras. Táim buíoch, leis, de mhuintir de Barra, i mBaile Uí Chionnfhaolaidh, a thug cead dom samplaí a ghlacadh ar an bhfeirm acu.
- CBÉ 84: 32; CBÉ 978: 300-301, luaite in Ó hÓgáin, 1982
Corkery,D. The Hidden Ireland. Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan, 1924. Ó Bróithe, É. ‘Máire na gCaointe’ in Go Nuige Seo, eag. P. Ó Cíobháin, 70-88. Baile Átha Cliath: Coiscéim, 2005.
Ó Conchúir, B. Scríobhaithe Chorcaí 1700-1850, Baile Átha Cliath: An Clóchomhar, 1982.
_______ ‘Na Cúirteanna Éigse i gCúige Mumhan’ in Saoi na hÉigse: Aistí in Ómós do Sheán Ó Tuama, eag. P. Riggs et al., 55-81. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar, 2000.
Ó Cróinín, B. ‘Filíocht Sheacaibíteach Phiarais Mhic Gearailt’ in Eighteenth Century Ireland / Iris an Dá Chultúr 22 (2007): 164-88.
Ó Foghludha, R. [Fiachra Éilgeach] eag. Amhráin Phiarais Mhic Gearailt, Baile Átha Cliath: Connradh na Gaedhilge, 1905.
Ó hÓgáin, D. An File, Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair, 1982.
http://researchrepository.ucd.ie/bitstream/handle/10197/2451/Orality_book-Burke-Feb.pdf?sequence=1
Piaras Mac Gearailt
cuir in eagarDíol spéise an t-alt úd thuas, ach níl a fhios agam cén fáth a bhfuil sé le fáil anseo. Ba cheart é a úsáid mar bhunús príomhailt faoi Phiaras Mhic Ghearailt, ós rud é nach bhfuil a leithéid fós ann.
Caithfear an t-alt faoi litríocht na Gaeilge a fheabhsú go mór. Is fearr go mór an t-alt Béarla.