Plé:Luas (tram)

Latest comment: 16 bliain ó shin by Antóin

Cá bhfuair sibh an focal "riancharr"? Is é "tram" an focal atá ag Focal.ie agus a úsáidtear go coitianta. Panu Petteri Höglund 15:37, 2 Aibreán 2008 (UTC)Reply

Cé acu "líne uaine" nó "líne ghlas" an t-aistriúchán oifigiúil ar "green line" sa choimhthéacs seo? Tugaigí faoi deara nach ionann "glas" agus "green". An rud atá glas, is rud é a bhfuil a dhath nádúrtha air - mar sin, is ionann "glas" agus "liath" más olann atá i gceist, mar shampla. Is fearr "uaine" a úsáid le tagairt don "green" péinteáilte (le fírinne, cloistear an focal "green" féin sa Ghaeltacht, i gcanúintí a chaill an focal "uaine"), ach ar ndóigh, más é "glas" atá ag Luas féin go hoifigiúil, ní athróidh muid é. Panu Petteri Höglund 15:43, 2 Aibreán 2008 (UTC)Reply

Aontaím le Panu. Dár le Ó Siochfhradha, le foclóir Collins agus le foclóir Póca de chuid an Ghúim (1992), is é "tram" an focal ceart. MacTire01 16:49, 2 Aibreán 2008 (UTC)Reply

"Líne Uaithne" atá ag citizensinformation.ie - foinse mhaith eile téarmaíochta, dála an scéil. Coinnigh cuimhne air nach ionann glas agus green - is ionann glas agus an dath nádúrtha.Panu Petteri Höglund 10:53, 14 Aibreán 2008 (UTC)Reply

GRMA, a Phanu. An bhfuil leathanach ar bith againn ina bhfuil na foinsí seo le fáil, (ar nós citizensinformation.ie, focal.ie 7rl)? --Antóin 11:03, 14 Aibreán 2008 (UTC)Reply

Return to "Luas (tram)" page.