Plé:Réabhlóid Dheireadh Fómhair

Latest comment: 3 bliana ó shin by TGcoa

Bolscaireacht Chumannach. Is é an dearcadh atá ag na staraithe go léir inniu ná nach raibh "éirí amach", ach coup d'état i gceist leis an réabhlóid Boilséiveach. Sin é an NPOV, dháiríre. Bhuel, déanfaidh mé athscríobh agus fairsingiú cuimsitheach ar an gceann seo lá de na laethanta. Panu Petteri Höglund 20:56, 14 Meitheamh 2006 (UTC)Reply

Moro! Níl fadhb agam leis an téarma coup d'état in aon chor. Rinne mé aistriúchán ón alt atá acu sa wiki Béarla, agus b'é "éirí amach" an chéad téarma a tháinig liom. Bhí iontas orm nuair a léigh mé anseo go raibh mé ag scríobh bolscaireacht Chumannach, nó aon bolscaireacht eile :) An Tóin Mór 11:09, 15 Meitheamh 2006 (UTC)Reply

Ó bhuel, gabh mo leithscéal. Tiocfaidh mé anseo an lá is faide anonn le major face-lift a thabhairt don leathanach cibé scéal é, ach níl a fhios agam cathain a bheidh am agam chuige sin. :( Panu Petteri Höglund 13:00, 15 Meitheamh 2006 (UTC)Reply

Tá an chuid is mó den alt Béarla aistrithe agam anois. Rachaidh mé ar lorg tuilleadh eolais sna leaganacha eile (Gearmáinis, Polainnis ach go háirithe) nuair a bheidh an t-alt Béarla aistrithe go hiomlán. Panu Petteri Höglund 11:23, 14 Meán Fómhair 2006 (UTC)Reply


Sean-íomhá - world october revolution poster.jpg ... scriosadh í Réabhlóid Dheireadh Fómhair - póstaer. Tá téacs an phóstaeir ag gealladh réabhlóid dhomhanda an Bhoilséiveachais. Feictear lucht an rachmais ag éalú, roimh bhratach mhór dhearg, a bhfuil na focail Rúisise Мировой Октябрь/Mirovoy Oktyabr - "Deireadh Fómhair ar fud an domhain" - le léamh uirthi. ̞TGcoa (plé) 23:48, 7 Samhain 2020 (UTC)Reply

Return to "Réabhlóid Dheireadh Fómhair" page.