Plé:Idirnáisiúntas Sóisialach

(Athsheolta ó Plé:Sóisialach Idirnáisiúnta)
Latest comment: 17 bliain ó shin by Panu Petteri Höglund

Tá súil agam go bhfuil cead agam mo ladar a chur sa diospóireacht seo. Is é an téarma a d'fhoghlaim mé fadó as an aistriúchán Gaeilge a rinne Diarmuid Ó Gráinne ar bheathaisnéis ghairid Karl Marx a d'fhoilsigh Coiscéim thiar sna nóchaidí ná IDIRNÁISIÚNTÁN. Sin é an téarma atá mé féin a úsáid agus a bheidh mé a úsáid. Mura miste. Focal firinscneach é. An tIdirnáisiúntán Sóisialach. Cuirfidh mé i bhfeidhm ar an leathanach seo nuair a chromfaidh mé ar é a fheabhsú, an lá is faide anonn. Panu Petteri Höglund 17:54, 30 Márta 2006 (UTC)Reply

Dála an scéil: níl mé den tuairim go bhfuil dhá leathanach de dhíth le "Sóisialachas daonlathach" agus "daonlathas sóisialach" a phlé. Déarfainn gurb é an t-aon rud amháin é.

Agus coinnígí cuimhne air nach bhfuil sé ceart "*an Páirtí Sóisialach Mheiriceá" a scríobh. "Páirtí Sóisialach Mheiriceá" an leagan ceart. Panu Petteri Höglund 07:48, 31 Márta 2006 (UTC)Reply


Socialist - Sóisialach (b'fhéidir gur Sóisialaí níos fearr) International - Idirnáisiúnta

Socialist International - Sóisialach Idirnáisiúnta

FR:Internationale Socialiste
EN: Socialist International
ES:Internacional Socialista
Gan bacadh leis an teanga atá i gceist, ainmfhocal is ea International agus aidiacht is ea Socialist, go cinnte. "Idirnáisiúnach" an tuiseal ainmneach ar "International" mar ainmfhocal, agus is é "Sóisialach" an aidiacht do "Socialist" (féach anseo). Mar sin, Idirnáisiúnach Sóisialach an Ghaeilge ar Socialist International. --Gabriel Beecham 20:02, 19 Mei 2005 (UTC)

Is aidiacht é an focal 'International' i ngach áit. Chun an focal 'Sóisialach' a léiriú, úsáidítear an t-aidiacht, Idirnáisiúnta, a leanann an t-ainm as Gaeilge. Sóisialach Idirnáisiúnta. Ach nílim lán-cheart faoi, ba mhaith liom tuairim eile a fháil. - Dalta 21:40, 19 Mei 2005 (UTC)

Ní fiú tuairimí é, áfach: bhunaíodh an eagraíocht mar chomharba ar an Dara Idirnáisiúnach, seangrúpa sóisialach; bhí an Chéad Idirnáisiúnach (nó an t-Idirnáisiúnach, ann roimh ré; agus tháinig an Tríú Idirnáisiúnach agus an Ceathrú Idirnáisiúnach sna 1920-aí agus san 1930-aí. Ainmfhocal atá i gceist le hIdirnáisiúnach go cinnte. -Gabriel Beecham 22:25, 19 Mei 2005 (UTC)

Ní féidir le Idirnáisiúnta a bheith ina ainmfhocal, ní focal é Idirnáisiúnach. Ceap faoi as Béarla, "The International", the international what? Is 'Socialist' é an t-ainmfhocal agus Idirnáisiúnta an aidiacht. Mar sin, is dócha go bhfuil Sóisialaí níos fearr ar 'Socialist'. Ba mhaith liom tuairim daoine líofa a fháil. Is gá Sóisialach Idirnáisiúnach a bheith mícheart, ní fhuaimeann sé ceart ar chor ar bith. Ní féidir dhá aidiacht a bheith ann mar sin, cad atá siad ag léiriú?- Dalta 22:33, 19 Mei 2005 (UTC)

Féach anseo sa Vicipéid Bhéarla: an First International, an Second International, an Third International (nó an Comintern), an Fourth International, an Fifth International, agus iomaí Idirnáisiúnach eile. Ainmfhocal atá i gceist, a chiallaíonn comhchumann éigin a chuireann an t-idirnáisiúnachas chun cinn - 'idirnáisiúnaí' a thugtar ar dhuine a ghlacann leis an nós sin. --Gabriel Beecham 22:51, 19 Mei 2005 (UTC)

Ní ainmfhocail iad, is giorrúcháin agus teidil iad. Chiallíonn 'International' nó idirnáisiúnta idir náisiúin, ní ainmfhocal é sin ar chor ar bith. Is cummain idirnáisiúnta iad na cumainn thuasluaite. Ar aon nós, ní bheidh 'Idirnáisiúnach', bheith 'Idirnáisiúnacht' má tá ainmfhocal i gceist ach ní focal ceart é seo toisc nach raibh foirm ainmfhocail ar 'Idirnáisiúnta'. - Dalta 22:58, 19 Mei 2005 (UTC)

Tá "idirnáisiúntacht" ar cothrom le "internationality" - is é sin ná conas a bhíonn rud éigin idirnáisiúnta i gcómhthéacs dearcaidh - agus "idirnáisiúnachas" an Ghaeilge ar "internationalism", de réir an fhoclóra Gaeilge-Béarla Néill Uí Dónaill]. --Gabriel Beecham 23:07, 19 Mei 2005 (UTC)

Ceart agat, ba é sin a bhí mé ag léiriú, ní féidir le 'idirnáisiúnta' a bheith ina ainmfhocal, rinne 'internationality' nó seafóid eile as. Is seafóid é 'idirnáisiúnach' freisin, agus nílim ag iarradh tú a maslú. - Dalta 23:29, 19 Mei 2005 (UTC)

Ach tá an dá focal i bhfíor-úsáid - tá 'idirnáisiúntacht' ann in Ó Dónaill, agus tá fíor-úsáid aige, cinnte. Tá "idirnáisiúnach" le fáil i gcaipéisí stairiúla. Scrúdaimís na teangacha eile = úsáidtear "International" mar ainmfhocal as Béarla (en:List of left-wing internationals, [1], [2]), as Fraincis [3], [4]), as Gearmáinis ([5]), as Esperanto ([6], [7]). Ní féidir 'International'nó 'Internationale' a úsáid mar ainmfhocal sa chomhthéacs sin, mar níl aon ainmfhocal eile ann san áit riachtanach. Is ainmfhocal é an focal Esperanto 'Internacio' ó thaobh na gramadaí de. Mar sin, ainmfhocal atá ann. Ní "Internationalist" (Idirnáisiúnaí) é, mar ní duine é atá i gceist. Mar sin is é "Idirnáisiúnach" an leagan ceart. -Gabriel Beecham 00:40, 20 Mei 2005 (UTC)

Ach níl siad ainmfhocail sa chás seo, is giorrúcháin iad. Is é Comintern mar shampla Communist International, Communist an t-ainmfhocal agus International an adiacht. An Dara Idirnáisiúnta, sé an Dara Cumann Idirnáisiúnta, thagann sé ón gCéad Idirnáisiúnta, .i. an Cumann Fear Oibre Idirnáisiúnta, is é an Dara Idirnáisiúnta an Dara Dumann Fear Oibre Idirnáisiúnta. Má tá Idirnáisiúnta ann mar ainmfhocal, is giorrúcháin é. Msh, Páipéar Idirnáisiúnta, Cluiche Idirnáisiúnta, 7rl. - Dalta 12:07, 20 Mei 2005 (UTC)

"Cumann Idirnáisiúnta an Lucht Oibre" an Ghaeilge ar International Workingmen's Association, dála an scéal, ach ainm ar leith atá i gceist. Féach ar na sámplaí a thaispeáin mé duit thuas: o simplí, "The International Socialist" an brí atá ar "an Sóisialach Idirnáisiúnta" (no an Sóisialaí Idirnáisiúnta. Chun "The Socialist International" a chur i leith, tá sé riachtanach ainmfhocal a dhéanamh de "International", agus an focal Socialist a úsáid ar cothrom leis an mBéarla .i. mar aidiacht. Is féidir labhairt faoi Internationals as Béarla - ní féidir iolra a chur ar aidiachtaí as Béarla. Ainmfhocal san iolra is ea Internacioj as Esperanto mar gheall ar an -oj ag an deireadh. --Gabriel Beecham 15:10, 20 Mei 2005 (UTC)

Cuir é faoi bhráid Evertype, aontóidh mé le cad a deir sé. - Dalta 16:35, 20 Mei 2005 (UTC)

Idirnáisiúnach Sóisialach. Ainmfhocal: Idirnáisiúnach. Aidiacht: Sóisialach. Agus an rud céanna i bPolainnis: http://pl.wikipedia.org/wiki/Międzynarodówka_Socjalistyczna. Evertype 17:07, 20 Mei 2005 (UTC)

Is aidiacht é an focal 'International' i ngach áit. (Dalta).
Ní hea ar chor ar bith!
  • In·ter·na·tion·al (plural In·ter·na·tion·als) — noun — left-wing organization: any of four international Socialist, Communist, or Anarchist organizations formed in 1864, 1889, 1919, and 1938 respectively <Encarta® World English Dictionary>
  • international — noun 3 (International) any of four associations founded (1864-1936) to promote socialist or communist action. <Compact Oxford English Dictionary>
  • international — Function: noun — one that is international; especially: an organization of international scope <Merriam-Webster's Online Dictionary>
Picapica 22:25, 12 Iúil 2005 (UTC)Reply
Return to "Idirnáisiúntas Sóisialach" page.