Plé:Sú oráiste

Latest comment: 14 bliain ó shin by MacTire02

Éirigh as a phleice!! Ná bí ag loiteadh leathanaigh atá ceart. Níl an litriú "sú oráiste" ceart de réir na bhfoclóirí. Féach i bhFoclóir Ó Dónaill cad is brí le sú oráistí (Féach ar an bhfocal Sú). Ní sú oráiste atá ann ach sú oráistí, mar aon le sú liomóidí, ní sú liomóide

Ach sa Foclóir Beag de chuid an Ghúim is é sú oráiste an leagan ceart (lch.403 An Foclóir Beag - Gaeilge-Gaeilge, An Gúm, 2000). Chomh maith leis sin, tá an ceart ag Guliolopez - de réir focal.ie anseo (údarás téarmaíochta na Gaeilge - is í an teanga chaighdeánach teanga na vicipéid) is é sú oráiste an leagan ceart. Ach ar an lámh eile tá sú oráistí le feiceáil i bhfoclóirí eile (Ó Dónaill ar leith). I mo thuairim, is éard is sú oráiste ann ná sú le dath oráiste air (súnna atá déanta as trátaí agus cairéid le chéile ina measc - oráiste=aidiacht sa chás seo), agus is éard is sú oráistí ann ná sú atá déanta as oráistí amháin. Cad a cheapann sibh? --MacTire02 20:21, 22 Lúnasa 2009 (UTC)Reply
Return to "Sú oráiste" page.