Plé:Scioll Máil

Latest comment: 13 bliain ó shin by Éóg1916

Carbh as an t-ainm scioll? An bhfuil sé le fáil san Atlas atá luaite san alt faoi Purt na hInse? Maidir le "Kirk Michael": Níl difríocht sa Bhéarla idir an sráidbhaile agus an pharóiste. Ach tá difríocht ann i nGaeilge Mhanann. "Balley Keeill Vaayl" = an sráidbhaile; "Skyll(ey) Maayl" = an paróiste.--MacTire02 14:49, 2 Deireadh Fómhair 2010 (UTC)Reply

Sea! Rinne mé iarracht teacht i ar fhoinse eolais faoin fhocal sin 'scioll', ach :theip glan orm. Is dócha gur chum duine nó coiste é in oifig stáit na hÉireann, :b'fhéidir gur iarracht traslitriú a dhéanamh ar 'Keeill' a bhí i gceist
Tuigim an difríocht atá ann idir "Balley Keeill Vaayl" agus "Skyll(ey) Maayl".
San atlas tá 'Scioll Máil'(Kirk Michael) ann agus sin an fáth gur úsáid mé Scioll :Máil.


Cén fáth gur chinn 'státseirbhseach' nó b'fhéidir 'coiste' ar 'Crosbaí' ina ionad :'Baile na Croise' mar leagan Gaeilge ar 'Crosby' an Bhéarla? Is dócha gur :traslitriú é 'Crosbaí' ar an leagan Béarla.
An chuimhin leat gur scríobh tú chugam? "Faoi logainmneacha - caithfidh orainn :cloí leis an pholasaí atá againn ar an Vicipéid. Is é sin - No Original Research-:MacTire02 10:07, 8 Bealtaine 2010 (UTC).
"Dá réir Vicipéid na Gaeilge, tá orainn cloí leis na botúin nó earráidí a bhronn :státseirbhísigh an tSaorstáit orainn le hucht, toisc go bhfuil 'Cosc ar :Bhunthaighde'! .....nó an bhfuil dul amú orm?

Éóg1916 16:28, 2 Deireadh Fómhair 2010 (UTC)Reply

Ní raibh mé ach ag cur an cheist dhuit. Níl an t-atlas sin agam, agus níl sé le feiceáil ar an ghréasán só ní raibh ach fiosracht a bhí i gceist agam. Maidir le "sciol", is é mo thuairim ná go rinne na h-údaráis traslitriú ar an fhocal Manannach skyll. Is as skylley an focal skyll. Saghas giorrúcháin na gnáth-chainte atá i skyll. Cialaíonn an dá fhocal "eaglais pharóiste" na Gaeilge nó "kirk" an Bhéarla Gallda agus Bhéarla Thuaisceart Shasana. Is as skeerey ("paróiste") an dá fhocal sin, sean-fhocal atá bunaithe ar scīre an tSean-Bhéarla, nó "roinn", "rannán" nó "deighilt" na Nua-Ghaeilge (is ar an fhocal scīre atá shire agus sheriff an Bhéarla bunaithe). I nGaeilge Mhanann, is ionann keeill agus "cill" na Gaeilge in Éirinn, maraon leis an chlós nó an reilig atá timpeall uirthi. Ní h-ionann "keeill" agus "skyll(ey)"/"skeerey".
Is cuimhin liom cad a dúirt mé, agus sa cheist seo thuas, níl aon rud scríobhtha agam i gcoinne sin. Ní féidir linn buntaighde a dhéanamh anseo. --MacTire02 17:47, 2 Deireadh Fómhair 2010 (UTC)Reply
"Níl an t-atlas sin agam, agus níl sé le feiceáil ar an ghréasán só ní raibh ach fiosracht a bhí i gceist agam."

Is féidir liom scanachán a chur ar aghaidh chugat, má thugann tú seoladh rphoist chugam. "Cén fáth gur chinn 'státseirbhseach' nó b'fhéidir 'coiste' ar 'Crosbaí' ina ionad 'Baile na Croise' mar leagan Gaeilge ar 'Crosby' an Bhéarla?" An gcaitear glacadh le rud do-ghlacthacht mar sin sa Vicipéid?Éóg1916 21:42, 2 Deireadh Fómhair 2010 (UTC)Reply

brianodalaigh(ag)ymail.com mo ríomhphost. Go raibh míle maith agat. Bheadh sé sin an-suimiúil. (Cuir an comhartha @ in áit (ag) ). Maidir leis an bhuntaighde, tá brón orm, ach caitear! Mar atá scríobhtha ar an leathanach seo, "The threshold for inclusion in Wikipedia is verifiability, not truth." I gcás Chrosbaí, bheadh "Baile na Croise" níos fearr, cinnte, mar aistriúchán nó traslitriú Gaeilge na hÉireann, ach níl foinse ann dó. Ach tá foinse ann do "Crosbaí", agus de réir polasaí na Vicipéide, caithfidh orainn glacfadh leis an fhoinse sin. --MacTire02 12:45, 3 Deireadh Fómhair 2010 (UTC)Reply
Nach bhfuil sé in am amharc arís ar an phoasaí sin?Éóg1916 14:10, 3 Deireadh Fómhair 2010 (UTC)Reply
B'fhéidir go bhfuil. An fhadhb atá againne anseo: níl leagain den dá pholasaí (OR agus V) againn, agus dá réir sin caithfidh orainn cloí leis an leagan Béarla. B'fhéidir nach bhfuil sé in am amhairc arís ar an pholasaí, ach polasaí Gaeilge a chur ar bun. Cad a cheapann tú? --MacTire02 15:28, 3 Deireadh Fómhair 2010 (UTC)Reply
"B'fhéidir nach bhfuil sé in am amhairc arís ar an pholasaí, ach polasaí Gaeilge a chur ar bun. Cad a cheapann tú?

"D'aontóinn leat!" I gcás Chrosbaí, bheadh "Baile na Croise" níos fearr, cinnte, mar aistriúchán nó traslitriú Gaeilge na hÉireann, ach níl foinse ann dó." Tá foinse ann! Sé sin 'Balley ny Croshey' (Féach: PRE-SCANDINAVIAN PLACE-NAMES IN THE ISLE OF MAN George Broderick,University of Mannheim. "2.4. Balla- (Mx. balley, G. baile) The term baile, wherever it appears, refers to a well-settled Gaelic-speaking population."86.139.25.189 17:26, 4 Deireadh Fómhair 2010 (UTC)Reply

"B'fhéidir nach bhfuil sé in am amhairc arís ar an pholasaí, ach polasaí Gaeilge a chur ar bun. Cad a cheapann tú?

"D'aontóinn leat!" Tuigim cad a bhfuil tú ag rá, ach bhí mé ag caint faoin pholasaí atá againn anois. Agus de réir an pholasaí sin, níl foinse ann do traslitriú Gaeilge na hÉireann ar "Balley ny Croshey". Nuair atá polasaí nua againn agus é ráite ann go bhfuilimid in ann traslitriú a dhéanamh idir na teangacha Gaelacha beimid in ann úsáid a bhaint as an tagairt atá luaite agat thuas mar fhoinse don traslitriú. --193.1.112.11 18:25, 4 Deireadh Fómhair 2010 (UTC)Reply

"Nuair atá polasaí nua againn agus é ráite ann go bhfuilimid in ann traslitriú a dhéanamh idir na teangacha Gaelacha..." Ach an bhfuil polasaí ann a deir nach bhfuilimid in ann traslitriú a dhéanamh..!Éóg1916 16:41, 5 Deireadh Fómhair 2010 (UTC)Reply
Return to "Scioll Máil" page.