Plé:Shay Given

Latest comment: 16 bliain ó shin by An Tóin Mór

Rinne mé roinnt ceartúcháin san alt - nílim ag rá anois go bhfuil an glanadh críochnaithe ar fad, agus fágfaidh mé an chlib ann agus an méid a bhí le rá ag Panu anseo ar an leathanach plé seo. --An Tóin Mór 14:41, 11 Nollaig 2007 (UTC)Reply

Focal comhshuite gan séimhiú, nó ceangal dhá fhocal a scríobhtar mar aon fhocal amháin - "cúlbáire". Mí-úsáid focal: "alt" in áit "airde". Mion-mhílitrithe: "Éireanach" in áit "Éireannach", "bhlian" in áit "bhliain". Meascán as litriú Gaeilge agus litriú Béarla in ainmneacha Gaeilge: "Seamus O'Dhuibhinn". Sínte fada fágtha ar lár - "Seamus" in áit "Séamus". Mí-úsáid á baint as an alt: "an chead chumann Shay Given". Séimhiú in áit nár chóir dó a bheith ar aon nós: "turas fhada", "se (!) bhliana déag", "fheabhas". Uimhir iolra in áit nár chóir di a bheith: "cuplá bhliana". Síneadh fada nach bhfuil údar ar bith leis san fhuaimniú: "cuplá" (!). Mílitriú na huimhreach iolra: "scileana". Foirmeacha éagsúla d'aon téarma amháin: "cúlbáire" vs. "cúl báirí". An riail "caol le caol agus leathan le leathan" á briseadh: "Páidraig". Litriú canúnach neamhchaighdeánach: "ar shon". Agus go leor eile.
Return to "Shay Given" page.