Plé:Somhairle Buí Mac Domhnaill

Latest comment: 13 bliain ó shin by Micilin

Somhairle Buidhe mac Alastrainn mhic Eóin Cathanaigh Mhic Domhnaill an leagan ceart! Féach: http://medievalscotland.org/kmo/AnnalsIndex/DescriptiveBynames/Buidhe.shtml Éóg1916 20:52, 26 Aibreán 2010 (UTC)Reply

Níl aon chiall leis sin. De réir do chuid loighic-se, ba chóir Temro a thabhairt ar Theamhair. Agus má tá tú le córas ar leith a úsáid ba chóir duit é sin a dhéanamh go cruinn agus rogha glan a dheanamh idir "Somhairle Buí Mac Dónaill" agus "Somhairle Buidhe Mac Domhnaill" in áit an mheascáin mhearaigh atáagatsa! Más Vicipéid Ghaeilge í seo ba chóir go mbeadh Gaeilge ár linne féin in úsáid againn. Micilin 06:06, 27 Aibreán 2010 (UTC)Reply
Tá 'Seán Clárach Mac Domhnaill' againn (http://en.wikipedia.org/wiki/Se:%C3%A1n_Cl%C3%A1rach_Mac_Domhnaill, Alasdair Mòr Mac Dòmhnaill (http://en.wikipedia.org/wiki/Alasdair_M%C3%B2r), Col Ciotach Mac Domhnaill (http://en.wikipedia.org/wiki/Col_Ciotach), Flaithbheartach mac Domhnaill Charraigh(http://en.wikipedia.org/wiki/List_of_Kings_of_Breifne) an mbeadh sé i gceist agat iad go léir a athrú freisin? Má tá leagan sean-bhunaithe nó má tá fianaise ann gur sin an leagan a d'úsáid an duine féin, mholainn an leagan sin ní an leagan nua!Éóg1916 07:49, 27 Aibreán 2010 (UTC)Reply
Maidir le do cheist, mholfainn iad sin a athrú mura mbeidís ceart nó mura mbeidís ag teacht le polasaí cinnte eagarthóireachta. Sa chás nach bhfuil fianaise ann gur úsáid an duine féin leagan ar leith dá ainm is dá shloinne, mholfainn saoithínteacht a sheachaint agus cloí leis an leagan Nua-Ghaeilge. Nach ar mhaithe le Gaeilgeoirí ár linne féin atáimid? Micilin 10:14, 27 Aibreán 2010 (UTC)Reply
Return to "Somhairle Buí Mac Domhnaill" page.