Fealsamh mór de chuid an tseansaoil ba ea Plotinus (Gréigis: Πλωτῖνος) c. 204/5 – 270). Tá trí phrionsabal le fáil ina fhealsúnacht: an tAon, an Intleacht agus an tAnam.[1] Ba é Ammonius Saccas a mhúinteoir, fear a chloígh leis an traidisiún Platónach.[2] Sa 19ú haois thug staraithe “Nua-Phlatónachas” ar a fhealsúnacht, agus chuaigh a shaothar meitifisiceach i bhfeidhm ar an bpágánachas, ar an gCríostaíocht, ar an nGiúdachas, ar an Ioslamachas agus ar an ngnóisíochas.

Infotaula de personaPlotinus

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith205 (Féilire Ghréagóra)
Lycopolis, An tSean-Éigipt Cuir in eagar ar Wikidata
Bás270 (Féilire Ghréagóra)
64/65 bliana d'aois
Minturno Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreFealsúnacht
Gairmfealsamh, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaArd-Impireacht na Róimhe
Mac/iníon léinn de chuidAmmonius Saccas
Mac/iníon léinnPorphyry agus Cassius Longinus
TeangachaAn Laidin agus an tSean-Ghréigis

Musicbrainz: c0315c6c-3bad-4118-b75c-062190b72e98 Cuir in eagar ar Wikidata

Beatha cuir in eagar

Dúirt an fealsamh Porphyry, athdhalta Plotinus, go raibh Plotinus 66 bliain d’aois nuair a cailleadh é i 270, rud a chiallaíon gur rugadh é timpeall 205. Dúirt an staraí Eunapius gur san Éigipt a rugadh é.[3]

Ní raibh muinín ag Plotinus san ábharthacht (dearcadh Platónach). Shíl sé nach raibh sna feiniméin ach aithris bhocht ar rud ab airde agus ba shoiléire, an chuid ab fhírinní den bheatha.

Thug Plotinus faoin bhfealsúnacht in aois a seacht mbliana is fiche, timpeall 232, agus bhain Cathair Alastair amach chun staidéar a dhéanamh. Bhí sé míshásta le gach múinteoir a casadh air nó gur moladh dó go n-éistfeadh sé le teagasc Ammonius Saccas. Chuaigh sé i mbun foghlama faoina threoir siúd, cé go raibh tionchar ag fealsúna eile air freisin.

Tar éis dó aon bhliain déaga a chaitheamh i gCathair Alastair shocraigh sé ar dhul amach ar léann na Peirse agus na hIndia. Chuaigh sé isteach in arm an Impire Gordian III nuair a d’ionsaigh sé siúd an Pheirs. Chlis ar an bhfeachtas agus nuair a maraíodh Gordian ba le dua a d’éirigh le Plotinus Aintioch a bhaint amach. In aois a dhaichead bliain chuaigh sé chun na Róimhe, mar ar chruinnigh sé roinnt daltaí, idir mhná agus fhir. Ina dhiaidh sin chuigh se chun cónaithe sa tSicil, agus fuair sé bás ar an gcúlráid i gCampáinia.

Scríobh Plotinus na haistí agus na nótaí a chuir a fhealsúnacht in iúl (na hEnneadaí) thar roinnt blianta ó thimpeall 253 go dtí a bhás seacht mbliana déag ina dhiaidh sin. B’éigean dá dhalta Porphyry ord agus eagar a chur orthu.

Teagasc cuir in eagar

Dúirt Plotinus go bhfuil Aon ardchumasach tarchéimnitheach ann, nach bhfuil aon deighilt, aon iolracht ná aon idirdhealú ag baint leis. Ní féidir gur aon rud (ábhartha) atá ann é, ná ní hé iomlán na rudaí atá ann é, ach tá tosaíocht aige ar na rudaí go léir atá ann. Shamhlaigh Plotinus an tAon leis an “Maitheas” agus le prionsabal na “hÁilleachta”. Tá an tAon os cionn na nAitreabúidí go léir, an bheith agus an neamhbheith san áireamh, agus is amhlaidh a fáisceadh an saol as. Ní le beart cruthaithe a rinneadh é, más d’aonghnó nó a mhalairt é, ó nach féidir gníomhú a chur i leith an Aoin agus é dochlaochlaithe.

Dearbhaíonn an t-eisileadh (cumhachta) tarchéimnitheacht an Aoin, i dtreo nach bhfuil i nochtadh an chosmais ach “toradh” an Aoin; ní fhágann na heisiltí a rian air ar chor ar bith. Is é an chéad eisileadh Nous (aigne dhiaga, intleacht, ord). Is í an chéad toil chun maitheasa é. Ó Nous a thagann an tAnam Domhanda, agus roinneann Plotinus é sin ina chuid uachtarach agus ina chuid íochtarach. Is ionann an chuid íochtarach is an Nádúr. Ón Anam Domhanda a thagann anamacha daonna, in éineacht leis an ábhar, an chuid is neamhfhoirfe den Chosmas.

Is éard atá san fhíordhaonnaí cumas neamhchorpaithe smaointeach an anama agus é níos uaisle ná aon rud corpartha. Is ionann sin is a rá go bhfuil an fíorshonas neamhspleách ar an saol ábhartha. Braitheann an sonas úd ar an daonnaí barántúil meitifisiciúil atá le fáil san acmhainn is airde den Réasún.

Ina thráchtas “In aghaidh na nGnóisíoch” chuir Plotinus ina leith gur bhain siad feidhm as ráiméis agus gur chuir siad ointeolaíocht Phlatóin as a riocht. Dúirt siad go raibh eagna dá gcuid féin acu a sháraigh an seanteagasc, ach ní raibh de mhaith ina dteagasc féin ach an méid a fuair siad ó Phlatón. Thug siad droim láimhe don fhíorbhealach slánaithe, do thóraíocht na fírinne faoi choimirce na seanórach.[4].

Nótaí cuir in eagar

  1. {Who was Plotinus? http://www.abc.net.au/rn/philosopherszone/stories/2011/3237626.htm]
  2. Stanford Encyclopedia of Philosophy Plotinus.
  3. Plotinus: http://www.tertullian.org/fathers/eunapius_02_text.htm#PLOTINUS
  4. Armstrong, lgh 220–222:

Le léamh cuir in eagar

Eagráin chriticiúla den téacs Gréigise
  • Émile Bréhier, Plotin: Ennéades (le haistriúchán Fraincise), Collection Budé, 1924–1938.
  • Paul Henry and Hans-Rudolf Schwyzer (eag.), Editio maior (3 imleabhar), Páras, Desclée de Brouwer, 1951–1973.
  • Paul Henry and Hans-Rudolf Schwyzer (eag.), Editio minor, Oxford, Oxford Classical Text, 1964–1982.
Aistriúchán iomlán Béarla
Ar líne