Príosún an Tí Geata
Príosún in Westminster ba ea Príosún an Tí Geata. Tógadh in 1370 é mar theach geata Mhainistir Westminster. Ba é Ab na Mainistreach, eaglaiseach mór a raibh smacht aige ar na purláin agus an tearmann, ba thúisce a bhain feidhm as mar phríosún. Bhí sé ar na príosúin a sholáthraíodh eolas ar athphríosúnaigh don Old Bailey chun cáipéisí díotála a leagan amach.[1]
Príosún an Tí Geata | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Príosún | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Cathair Westminster, England | |||
| ||||
Is iomaí duine a chaith seal sa phríosún tar éis tréas nó mídhílseacht a chur ina leith. Coinníodh an Ridire Walter Raleigh anseo an oíche sular baineadh an ceann de i gClós an tSean-Pháláis in Westminster ar an 29 Deireadh Fómhair 1618.[2]
Coinníodh roinnt Éireannach anseo agus baint ag an scéal le Máire Stíobhartach Ní Dhomhnaill, iníon Bhrighid Nic Gearailt agus Rudhraighe Ó Domhnaill, Iarla Thír Chonaill. Bhí sí ina cónaí i Sasana lena seanmháthair Bantiarna Chill Dara agus caidreamh aici ar Éireannaigh óga Chaitliceacha i Londain a bhí mídhílis don rialtas. I samhradh na bliana 1626, nuair a bhí Máire 19 bliana d’aois, bhris sí féin agus scata cairde isteach i bPríosún an Tí Geata agus d’fhuascail a leasdeartháir Caifir “Con” Ó Domhnaill agus a col ceathrar Aodh Ó Ruairc, beirt a cuireadh i ngéibheann toisc gur dhiúltaigh siad éirí as an éileamh a bhí acu ar thailte plandáilte i mBréifne Thiar. B’éigean di éalú chun na Mór-Roinne mar ar chaith sí saol eachtrúil.[3]
Leagadh an príosún in 1776. Tá cuimhneachán scoláirí Westminster ar Chogadh na Crimé ar an láithreán anois, os comhair Dhoras Mór Thiar na hArdeaglaise.
Nótaí
cuir in eagar- ↑ "Trial Procedures". Old Bailey online. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-02-05. Dáta rochtana: 2020-02-09.
- ↑ "The Book of Prisoners". The Tower of London.
- ↑ Bagwell, Richard (1895). "O'Donnell, Mary Stuart," National Dictionary of Biography, imleabhar 41, lch 446; luaitear "Addenda," Earls of Kildare, lch 321.
Further reading
cuir in eagar- Forsythe, James Neild (2000). "State of the Prisons in England, Scotland, and Wales, Not for the Debtor Only, But for Felons Also, and Other Less Criminal Offenders". Routledge.
- Tanner, Lawrence Edward (1923). "Westminster School, Its Buildings and Their Associations". Philip Allan.