Proinnsias Táiliúr
Ba pholaiteoir Éireannach é Proinnsias Táilliúir Beannaithe (1550-1621) a toghadh mar Mhéara Átha Cliath agus mar fheisire parlaiminte. Cuireadh cosc air a shuíochán a ghlacadh toisc é a bheith ina Chaitliceach.
Proinnsias Táiliúr | |||
---|---|---|---|
![]() | |||
| |||
Saol | |||
Eolas breithe | Sord, 1550 | ||
Bás | Caisleán Bhaile Átha Cliath, 30 Eanáir 1621 | ||
Gairm | |||
Gairm | sagart | ||
Féile | |||
29 Eanáir |
Cuireadh chun báis é i 1621 agus tugadh ómós dó mar mhairtíreach ó shin i leith. Thug an Pápa Eoin Pól II an teideal 'Beannaithe' dó sa bhliain 1992 in éineacht le hochtar mairtíreach déag Éireannacha eile.
Rugadh Proinnsias Táiliúr i Sord Cholm Cille in 1550. Ba mhangairí a chlann a bhí cónaí orthu sa cheantar ó aimsir na Normannach. Tógadh é mar Mhéara Átha Cliath i 1595. Bhí sé gníomhach mar Chaitliceach i mBaile Átha Cliath ag an am.
Tógadh an Táiliúrach ina fheisire i bParlaimint na hÉireann ach níorbh fhéidir leis a shíocháin a ghlacadh toisc mar bhí sé ina Chaitliceach. Chuireadh i bpríosúin é i 1613 agus cuireadh chun báis ann ar 29 Eanáir 1621. Cuireadh é i reilig Shéipéil Naomh Audoen.
Bhí sé pósta agus seisear chlainne aige. Gariníon a bhean le Maighréad de Bhál Beannaithe, duine eile de na Mairtírigh Éireannacha a d'ainmnigh Eoin Pól II mar 'Beannaithe'.