Ciallaíonn an ráta samplála (nó an mhinicíocht shamplála), an líon samplaí in aghaidh an tsoicind (nó in aghaidh aonaid eile) a thógtar de chomhartha leanúnach le comhartha scoite a dhéanamh. I gcás comharthaí amfhearainn, is féidir é a thomhas i hertz (Hz). Is í an tréimhse samplála an t-inbhéarta den ráta samplála, is í sin, an t-am idir samplaí.

An Teoirim Shamplála cuir in eagar

Deir teoirim shamplála Nyquist–Shannon gur féidir athchumadh foirfe de chomhartha a fháil nuair atá an ráta samplála níos mó ná dhá oiread bandaraon an chomhartha atá á shampláil; nó, ar bhealach eile, go bhfuil minicíocht Nyquist (leath an ráta samplála), níos mó ná bandaraon an chomhartha atá á shampláil. Má úsáidtear rátaí samplála níos ísle, tá an baol ann nach mbeifear in ann an t-eolas ar fad a bhí sa bhunchomhartha a athchumadh sa chomhartha sampláilte.

Mar shampla, má tá bandaraon 100 Hz ag comhartha, ba cheart ráta samplála atá níos mó ná 200 Hz a roghnú le ailiasáil a sheachaint.