Ráth Chrois Uaithne
Séadchomhartha Náisiúnta (418) is ea Ráth Chrois Uaithne, le cloch Oghaim in aice láimhe, suite i gContae Chill Mhantáin, Éire.
Ráth Chrois Uaithne | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Suíomh seandálaíochta | |||
| ||||
Suíomh
cuir in eagarTá Ráth Chrois Uaithne suite i Buaile an Charraigín ar fána thoir theas de Chill Rannaileach sna Sléibhte Chill Mhantáin, gar do dhá fo-abha Na Sláine, agus 6.5 km ó shoir de Bhealach Conglais, ag 52° 56′ 39″ N, 6° 36′ 51″ O / 52.944262°N,6.614062°W.
Stair
cuir in eagarIs clós fairsing é Ráth Chros Uaithne, le tomhas 65m trasna, agus achar 0.41 ha. Tá sé suite ar fána oirdheisceart de Chnoc Chill Rannaileach, dídean ón aimsir tugtha dó ó thuaidh agus ó thiar ag an gcnoc féin, ó thuaidh ag Spinans Hill níos airde, agus ó thoir ag sliabh Chéidín níos airde.
Creidtear gurbh áitreabh é Ráth Chros Uaithne de roinnt phearsana (leath)stairiúil den chéad mhíle bliain AD:
- Bhí Eochaid Doimlén as en:Ráth Imáil, rí na Laighean ina chónaí i nGleann Uí Mháil
- Creidtear go raibh Buchet, laoch an scéil den 10ú haois, Esnada Tige Buchet, ina chónaí "i nó gar do Thigh Chill Rannaileach”, ar Chnoc Chill Rannaileach.
- Sa scéal liteartha-stairiúil en:Fingal Rónáin, bhí Rónán mac Aodh ina chónaí ar nó gar do Chill Rannaileach.
Cur síos
cuir in eagarTá cruth ciorclach Ráth Chros Uaithne, a bheag nó a mhór, le banc cré agus cloch, agus móta seachtrach, mar teorainn, le banc ón taobh amuigh theas. Feictear dúshraith dhá fhoirgneamh laistigh de.[1]
Cloch Oghaim
cuir in eagarTá an chloch Oghaim (CIIC 50) suite laistigh den ráth agus deirtear go dtéann sí siar go dtí AD 400–500. Léitear an inscríbhinn
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Ogham in 3D - Wicklow / 50. Boleycarrigeen".
- ↑ 1 foth, ceart, teideal, ar eDIL
- ↑ fotha1, bonn, ar teanglann.ie
- ↑ "BOLEYCARRIGEEN OGHAM STONE/MEGALITHIC MONUMENTS OF IRELAND.COM".