Rääkkylä
Is ceantar tuaithe nó kunta in Oirthear na Fionlainne sa Chairéil Thuaidh é Rääkkylä a bunaíodh sa bhliain 1874. Is í an Fhionlainnis an t-aon teanga oifigiúil san áit, agus cé go raibh Bräkylä ar an gceantar as Sualainnis go stairiúil, is ionann ainm na háite sa dá theanga inniu. Sa bhliain 2017 bhí 2,252 duine ina gcónaí i Rääkkylä. Is iad na ceantair nó na cathracha timpeall ar Rääkkylä ná Joensuu, Kitee, Liperi, Savonlinna agus Tohmajärvi.
Rääkkylä | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Fhionlainn | ||||
Regional State Administrative Agency (en) | Regional State Administrative Agency for Eastern Finland (en) | ||||
Réigiún de chuid na Fionlainne | An Chairéil Thuaidh | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 1,902 (2023) | ||||
• Dlús | 4.44 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Fhionlainnis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Suite san aonán críochach staitistiúil | Central Karelia (en) | ||||
Achar dromchla | 427.93 km² | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1874 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht reachtach | comhairle bardasach Rääkkylä | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | raakkyla.fi |
Ceantar feirmeoireachta é Rääkkylä. Maidir leis an gcultúr, is é an ceol tíre, go háirithe an cheolfhoireann úd Värttinä, is mó a thabhaigh clú don áit.