Ré Ó Laighléis

údar Éireannach

Údar Éireannach as an Naigín i mBaile Átha Cliath is ea Ré Ó Laighléis. Bhain sé bunchéim amach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh sa bhliain 1978, agus iarchéimeanna san Oideachas i gColáiste Phádraig agus Boston College. Mhúin sé i Scoil Iognáid na Gaillimhe idir 1980-1992. D'fhág sé an mhúinteoireacht sa bhliain 1992 chun tabhairt faoin scríbhneoireacht go lánaimseartha.[1] Tá Craobh na hÉireann sa scoildrámaíocht bronnta air sé huaire chomh maith le Duais Chuimhneacháin Aoidh Uí Ruairc a bheith buaite aige trí huaire. Is mar scríbhneoir úrscéalta agus gearrscéalta, idir Gaeilge agus Bhéarla, is fearr atá aithne ar an Laighléiseach.

Infotaula de personaRé Ó Laighléis
Beathaisnéis
Breith1953
70/71 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmúdar Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
  1. "Ré Ó Laighléis: Cúlra / Background". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-05-25. Dáta rochtana: 2022-06-24.