Cuireadh tús le Réabhlóid Háítí sa bhliain 1791 agus chríochnaigh sí in 1804 le neamhspleáchas Háítí ón Fhrainc. Ní hamháin gur chuir sí deireadh leis an sclábhaíocht ach ruaig sí smacht coilíneach na Fraince freisin. Ba é Háítí an chéad phoblacht dhubh ar domhan agus an dara tír a bhain neamhspleáchas amach i gCríocha Mheiriceá tar éis na Stát Aontaithe.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtRéabhlóid Háítí
Íomhá
Cineálréabhlóid
éirí amach sclábhaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deAtlantic Revolutions (en) Aistrigh, Cogaí Réabhlóideacha na Fraince agus Latin American Wars of Independence (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse14 Lúnasa 1791 - 1 Eanáir 1804
Dáta na bliana1 Eanáir 1804 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhSaint-Domingue, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
TírSaint-Domingue Cuir in eagar ar Wikidata

Spreag idéil Réabhlóid na Fraince, lena n-áirítear cearta an duine, saoránacht uilíoch, agus féinrialú, Ach rinne na cumhachtaí coilíneachta a ndícheall an fhís a chuir faoi chois níos déanaí.[1]

Leabhar de chuid Aaron Martinet (1762-1841) in 1833
Toussaint Louverture, íomhá de  John Kay 1805

San 18ú haois, ba í Saint-Domingue (an t-ainm a bhí ar an tír ag an am) an choilíneacht ba shaibhre i seilbh na Fraince. Dhéantaí siúcra, caife, indeagó, agus cadás a tháirgeadh trí shaothar sclábhaithe. Ghin an choilíneacht saibhreas níos mó ná saibhreas trí choilíneacht déag Mheiriceá Thuaidh a bhí faoi smacht na Ríochta Aontaithe.

Faoi 1789, bhí daonra Saint-Domingue roinnte ina chúig ghrúpa shainiúla: 40,000 plandóir geal (úinéirí na plandála) agus 40,000 petit blancs (“miondaoine geala”, ceardaithe, siopadóirí, agus múinteoirí); 30,000 duine dubh saor, cuid mhór acu níos saibhre ná na petit blancs; thart ar 500,000 duine dubh a bhí ina sclábhaithe; agus marúnaigh, sclábhaithe a theith isteach sna sléibhte.

In ainneoin dálaí cruálacha, bhí an pobal sclábhaithe i mbun frithbheartaíocht rialta, lena n-áirítear máistrí a nimhiú. I ndiaidh Réabhlóid na Fraince (1789) spreagadh gluaiseachtaí réabhlóideacha in Saint-Domingue, go háirithe  ina measc siúd a bhí faoi chois, a tharraing ar an Dearbhú um Chearta an Duine ón bhFrainc. Sa bhliain 1790, chothaigh reachtaíocht Fhrancach, a thug féinchumhacht áitiúil do choilíneachtaí, teannas i Háítí. Ligeadh do dhaoine dubha saora a raibh maoin acu páirt a ghlacadh sa rialtas, ach fágadh na petit blancs as an áireamh. Bhí coimhlint thríthaobhach ann idir plandóirí, petit blancs, agus daoine dubha saora. Idir an dá linn, agus iad spreagtha ag idéil réabhlóideacha, d’éirigh tromlach de na sclábhaithe dubha amach.[1]

Imeachtaí

cuir in eagar

Ar an 21 Lúnasa, 1791, d’éirigh na sclábhaithe, faoi stiúir an iarsclábhaí Toussaint Louverture, amach in aghaidh na bplandóirí, agus d’éirigh leo smacht a ghlacadh ar thrian den oileán faoi 1792. In ainneoin gur sheol an Fhrainc tuilleadh saighdiúirí thar sáile chun na sclábhaithe a chuir faoi chois, d’fhás an réabhlóid, agus bhí caillteanas suntasach ann – 100,000 sclábhaí dubh agus 24,000 duine geal marbh.

Tháinig fórsaí na Ríochta Aontaithe i láthair in 1793 ach díbríodh iad faoi 1798, a bhuíochas, go príomha, ar cheannaireacht an Ghinearáil Louverture. Faoi 1801, bhí an réabhlóid leathnaithe ag Louverture chuig coilíneacht Spáinneach in aice láimhe, Santo Domingo (an Phoblacht Dhoiminiceach sa lá atá inniu ann). Chuir sé deireadh leis an sclábhaíocht ansin agus dhearbhaigh é féin mar Ard-Ghobharnóir saoil na hEaspáinneoil.

Faoi 1802, bhí Réabhlóid Háítí tar éis an fód a sheasamh níos faide ná Réabhlóid na Fraince. Chuir Napoleon Bonaparte, agus é ag iarraidh smacht na Fraince agus an sclábhaíocht a athbhunú, an Ginearál Charles Leclerc agus 43,000 saighdiúir go Saint-Domingue. Gabhadh Louverture agus tugadh chun na Frainc é. Tar éis a ghabhála, dúirt sé, ‘Trí mo chur faoi chois, ní dhearnadh in Saint-Domingue ach stoc chrann na saoirse a ghearradh. Ach fásfaidh sé arís, óir tá a fhréamhacha domhain agus líonmhar’ (‘En me renversant, on n’a abattu à Saint-Domingue que le tronc de l’arbre de la liberté, mais il repoussera car ses racines sont profondes et nombreuses’). Bhásaigh Louverture sa Fhrainc in 1803.

 
Jean-Jacques Dessalines

Leanadh leis an troid faoi cheannasaíocht Jean-Jacques Dessalines agus iarsclábhaí, agus threoraigh sé na réabhlóidithe chun bua ag Cath Vertières ar an 18 Samhain, 1803. D’aithin an Fhrainc neamhspleáchas Háítí go foirmiúil ar an 1 Eanáir, 1804.[1]

Iarmhairtí

cuir in eagar

Bhí scéal Háítí mar shiombail na saoirse agus é i mbéal phobail chríocha Mheiriceá. Ba é an chéad uair a d’éirigh le réabhlóidithe an sclábhaíocht a ruaigeadh agus spreagadh gluaiseachtaí eile dá bharr.

Tar éis do Háítí neamhspleáchas a bhaint amach in 1804 rinne mórchumhachtaí mar an Fhrainc agus SAM, a bhí buartha go spreagfaí réabhlóidí sclábhaithe in áiteanna eile, leithlisiú eacnamaíoch ar an tír. D’fhág tionchair an choilíneachais, an chiníochais chórasaigh, agus an córas impiriúlach Háítí beo bocht. Eascraíonn bochtaineacht Háítí inniu ó éagóracha stairiúla, lena n-áirítear ‘fiachas neamhspleáchais’ na Fraince, 150 milliún franc, a cuireadh i bhfeidhm in 1825, rud a rinne fíordhochar do gheilleagar na tíre ar feadh breis agus céad bliain.[1]

Féach freisin

cuir in eagar