Raghnallsaigh
Is oileán de chuid Inse Orc é Raghnallsaigh[1] nó Raghnallsaigh a Deas (Béarla: South Ronaldsay; Sean-Lochlainnis: Rognvaldsey “oileán Raghnaill”). Tá sé 4,980 heicteár (19.2 míle cearnach) ina achar agus is é Raghnallsaigh an ceathrú oileán is mó in Inse Orc tar éis Mòr-thìr Arcaibh, Hòigh, agus Sanndaigh.[2]
(en) South Ronaldsay | |||||
Cineál | Oileán | ||||
---|---|---|---|---|---|
Cuid de | Inse Orc | ||||
Suite laistigh de/ar ghné fhisiciúil | an Mhuir Thuaidh | ||||
Suíomh | |||||
Limistéar riaracháin | Inse Orc, Scotland agus South Ronaldsay, Scotland (en) | ||||
| |||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an tAigéan Atlantach | ||||
Tréithe | |||||
Toisí | 8.5 () × 12 () km | ||||
Achar | 49.8 km² | ||||
Sa bhliain 2011 bhí 909 duine ina gcónaí ar an oileán,[3] agus 550 acu i St Margaret's Hope, an lonnaíocht is tábhachtaí i Raghnallsaigh agus an tríú lonnaíocht is mó in Inse Orc.
Ceanglaíonn bóthar A961 Raghnallsaigh le Mòr-thìr Arcaibh, agus tá seirbhís farantóireachta ar fáil ón oileán go dtí Cataibh, in aice le Taigh Iain Ghròt.[4]
Is é Ward Hill an cnoc is airde san oileán, suite i lár Ragnallsaigh. Tá sé 119m (390 troigh) ar airde.[5] Tá bóthar ann a théann chuig an stáisiún raidió i ngar do bharr an chnoic.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Alba le Roy Pedersen
- ↑ Haswell-Smith, Hamish (2008): The Scottish Islands. Dùn Èideann, Canongate, td 358–59; ISBN 9781847672773
- ↑ National Records of Scotland 2011 Census Earr-ràdh 2: Population and households on Scotland’s inhabited islands (PDF). Air a tharraing 8 an Lùnastal 2015
- ↑ Pentlandferries
- ↑ Hill Bagging (Beurla)