Ramakrishna
Ba mhisteach Indiach é Sri Ramakrishna Paramahamsa (Beangáilis: শ্রীরামকৃষ্ণ পরমহংস) a chuaigh i mbun oibre mar mhanach de chuid na Hiondúch sa 19ú haois. Rinneadh naomh dó de thairbhe a chuid gníomhartha mar cheannaire reiligiúnach i mBeangál. Deirtear go raibh taithí aige ar an eacstais ag aois an-óg, agus gur tháinig sé faoi thionchar na dtraidisiún ilchineálach- deabhóid don bhandia Kali, don Tantra, don Bhakti, agus don Avaita Vedanta, ach go háirithe.
Ramakrishna | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Kamarpukur (en) ![]() |
Náisiúntacht | Réimeas Briotanach |
Bás | Calcúta, 16 Lúnasa 1886 |
Cúis bháis | bás nádúrtha (ailse laraingeach) |
Muintir | |
Athair | Khudiram Chattopadhyay |
Máthair | Chandramani Devi |
Céile/Céilí | Sarada Devi (en) ![]() |
Oideachas | |
Teangacha | Beangáilis |
Mic léinn | Swami Vivekananda |
Gairm | |
Gairm | fealsamh |
Cleamhnú | |
Reiligiúin | An Hiondúchas |
Bhain sé cáil amach ag an Teampall Dakshineshwar Kali mar gheall ar an meon mistiúil a léirigh sé, agus de réir a chéile tharraing sé chuige roinnt múinteoirí spioradálta agus ceannairí sóisialta, chomh maith le lucht leanúna mór tuata; arna éirí leis deisceabail a earcú, bunaíodh an tOrd Ramakrishna. Bhí ana-chuid measa ag muintir Bheangál air, go háirithe an scothaicme, agus d'eascair gluaisceacht dá bharr: bhunaigh deisceabal dá chuid, Swami Vivikenanda, an Ramakrishna Math, eagraíocht a chuireann oiliúint spioradálta ar fáil do mhanaigh, agus an Misean Ramakrishna chun déirc, obair shóisialta agus oideachas a sholáthar.