Riail dhíreach (Tuaisceart Éireann)

Thosaigh riail dhíreach i dTuaisceart Éireann ar 28 Márta 1972. Bhí an foréigean ag éirí ní ba mheasa ó thús na bliana 1972 (Domhnach an Fola srl). Shocraigh an rialtas i Londain riail dhíreach a chur i bhfeidhm faoi dheireadh.[1] Ach lean an troid ar son cearta sibhialta ar aghaidh mar sin féin.

Dúnadh Stormont

D’éirigh an Príomh-Aire ar Thuaisceart Éireann, Brian Faulkner, as a phost ar 30 Márta 1972. Bhí an chuma air go raibh fearg air ag an am ar an nuacht.[2]

Bhí Faulkner i bhfeidhm arís nuair a cuireadh an feidhmeannas comhroinnte cumhachta (Comhaontú Sunningdale) le chéile sa bhliain 1974.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Derek Birrell. "Direct rule and the governance of Northern Ireland" (en-US). Manchester University Press. Dáta rochtana: 2021-03-28.
  2. AP (ITV News at Ten) (Márta 1972). "Agallamh le Brian Faulkner". Dáta rochtana: 2021.