File agus aistritheoir ó Manipur in Oirthuaisceart na hIndia is ea Robin S. Ngangom (a rugadh i 1959).

Infotaula de personaRobin Ngangom
Beathaisnéis
Breith1959
64/65 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síNorth-Eastern Hill University (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, file Cuir in eagar ar Wikidata

Beatha agus saothar cuir in eagar

Rinne Ngangom staidéar ar an litríocht in St Edmund’s College agus in Ollscoil Sléibhe an Oirthuaiscirt in Shillong. Scríobhann sé i mBéarla agus in Meiteilon, teanga áitiúil.[1] Deir sé go bhfáisctear a chuid filíochta as a bheatha féin, mórán. Ach is file polaitiúil ó cheantar suaite freisin é agus tá fearg agus tocht le mothú ina shaothar. Aistrítear cuid de na dánta ó Meiteilon go Béarla agus a mhalairt.[2]

Foilsíodh a aiste "Poetry in a Time of Terror" in The Other Side Of Terror: An Anthology Of Writings On Terrorism In South Asia, leabhar a chuir Oxford University Press, New Delhi, amach sa bhliain 2009. Bhuaigh sé Duais Katha an Aistriúcháin sa bhliain 1999.

Liosta leabhar cuir in eagar

  • The Desire of Roots (i mBéarla). Cuttack: Chandrabhaga, India 2006
  • Time's Crossroads (i mBéarla). Hyderabad: Orient Longman Ltd, India 1994. ISBN 0-86311-456-3
  • Words and the Silence (i mBéarla). Kolkata: Writers Workshop, India 1988

Naisc cuir in eagar

Litríocht Indiach i mBéarla

Nótaí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar