Is éard atá sa tsárchlóráit airgid ná salann airgid an aigéid sárchlóraigh, agus dá réir sin is í an fhoirmle cheimiceach atá ag an gcomhdhúil seo ná AgClO4. Is soladach bán í, agus is dual di criostail monaihiodráite a chruthú - criostail ina bhfuil móilín amháin uisce in aghaidh gach aonad sárchlóráite. Murab ionann agus an chuid is mó de na salainn airgid, tá an tsárchlóráit seo sothuaslagtha san uisce, rud a chiallaíonn go dtiocfaidh sí isteach úsáideach má theastaíonn uait an t-ian airgid Ag+ a thuaslagadh san uisce. Úsáidtear í mar chatalaíoch sa cheimic orgánach.

WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachSárchlóráit airgid
Substaint cheimiceachaicme eintiteas ceimiceach
Mais mhóilíneach205.854 Da
Struchtúr ceimiceach
Foirmle cheimiceachAgClO₄
SMILES canónta
Model 2D
[O-]Cl(=O)(=O)=O.[Ag+]
InChIModel 3D
NFPA 704: Standard System for the Identification of the Hazards of Materials for Emergency Response () Cuir in eagar ar Wikidata

Táirgeadh cuir in eagar

Cruthaítear sárchlóráit airgid trí mheascán d'aigéad sárchlórach agus níotráit airgid a bhreo le chéile.

Mar mhalairt air sin, is féidir í a ullmhú trí imoibriú na sárchlóráite bairiam leis an tsulfáit airgid, nó ó imoibriú an aigéid sárchlóraigh leis an ocsaíd airgid.

Tagairtí cuir in eagar