Séamus de hÍde

scríbhneoir Éireannach

Rugadh Séamus de hÍde / Ó Seitheacháin ar Oileán Meánach i gCuan Chorcaí i 1935. Fuair sé a bhunscoilíocht i gCarraig Tuathail agus a mheanscoilíocht sa Mhainistir Thuaidh. Cúrsaí samhradh sa coláistí Gaeilge i mBéal Átha an Ghaorthaigh agus Rinn Ó gCuanach a mhúscail a shuim sa Ghaeilge. Bhain sé B. Eol. Talmhaíochta amach i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, i 1958 agus M. Eol. Talamhaíochta ann i 1969-1970.

Infotaula de personaSéamus de hÍde
Beathaisnéis
Breith1935
88/89 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata

Chaith sé seal ag obair mar mhúinteoir tuaitheolaíochta ar Oileán Árann (Inis Mór, 1958-1959), teagascóir Talmhaíochta i mBéal Átha na Muice (1959-1961), i bFíodhaird (1961-1962), Baile Thiobraid Árann (1962-1973), Leas-Príomhoifigeach Talamh, Co. Luimnigh (1975-2000).

Chomhbhunathóir comharchumann táirgeoirí muice Gleann an Eatharlaigh (1965), Uachtarán ar Dáil na Mumhan (1967-1968), léachtóir le socheolaíocht, Coláiste na hOllscoile Chorcaí (1976-1977), Cathaoirleach ar Ballyhoura Development Ltd (1988-1999), Cathaoirleach/Stiúrthóir ar Dhaonscoil na Mumhan (1999-2006).

Scríobh sé “An Baile Gaelach” i 1969, paimfléad nár chuir Gaeilgeoirí ná muintir na Gaeltachta ná eagraíochtaí Gaeilge, suim dá laghad ann agus atá ag íoc go daor as an fhaillí sin i láthair na huaire.

Saothar cuir in eagar

  • Daonscoil na Mumhan, Imeachtai 2005 - Coisceim - ISBN KEX0182805