Is meititheanga agus caighdeán ISO í an Teanga Chaighdeánach Mharcála Ghinearálaithe (SGML .i. Standard Generalized Markup Language) chun teangacha marcála a chruthú. D'eascair SGML as an Teanga Mharcála Ghinearálaithe (GML) IBM a chuir Charles Goldfarb, Edward Mosher agus Raymond Lorie chun cinn sna 1960í.

Formáid ChomhaidSGML
SGML.svg
Cineál teanga marcála, formáid chomhaid agus meititheanga Cuir in eagar ar Wikidata
Iarmhír sgml Cuir in eagar ar Wikidata
Formáid MIME application/sgml agus text/sgml Cuir in eagar ar Wikidata
Forbróir Charles Goldfarb (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Leagan tosaigh 1986 Cuir in eagar ar Wikidata
Leathnaithe ó IBM Generalized Markup Language (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Caighdeán RFC 1874: SGML Media Types (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tuilleadh eolais
Formáid Comhaid Vicí SGML Cuir in eagar ar Wikidata
PRONOM x-fmt/195 Cuir in eagar ar Wikidata

StairCuir in Eagar

Foilsíodh SGML sa bhliain 1986 mar oidhre teanga eile, GML (Generalized Markup Language), a chum Charles Goldfarb and cúpla duine eile. Bhí Goldfarb ina cheann tionscadail ag IBM (International Business Machines Corporation) ag an am. Tharraing GML clú air, agus d'fhág sé IBM agus chuaigh i mbun SGML.

Bhain na Comhphobail Eorpacha[1] feidhm as SGML mar chaighdeán a gcuid foilseachán de réir FORMEX (Formalized Exchange of Electronic Publications). Chum siad Mark-It, an chéad pharsálaí SGML nach raibh srianta de réir na sonraíochtaí ba dhéanaí de SGML.

Déanann SGML idirdhealú bunúsach idir comhdhéanamh loighciúil cáipéise (teidil, caibidlí, paragraif, léaráidí), rud a thaispeántar le marcálaithe, agus an nochtadh, rud atá taobh leis an gcineál foilseacháin atá i gceist (leabhar, iris, scáileán etc.) agus a chuirtear in iúl trí litreacha, trí ailíniú agus spásáil na bparagraf agus eile. Ligeann sé d'fhoras an chuma chéanna a chur ar a chuid cáipéisí uile ach gan cloí i gcónaí leis an gclóghrafaíocht chéanna.

Is féidir eilimintí SGML a pharsáil mar chrann sonraí i nodaireachtaí difriúla, i dtreo gurb í an cháipéis an bun-nód agus gur nóid thánaisteacha iad rudaí atá i nodaireachtaí eile (téacs, grafaicí). Cuireann SGML áiseanna ar fáil chun nascadh a dhéanamh le haonáin sheachtracha agus nótaí a chur leo.

TagairtíCuir in Eagar

  1. Trí eagraíocht (a thugtar an Comhphobal Eorpach orthu freisin) a raibh na forais chéanna acu: An European Coal and Steel Community (ECSC), an European Economic Community (EEC) agus an European Atomic Energy Commission (EAEC nó Euratom).

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar