Safó
Bhí Safó (Gréigis Aiticeach: Σαπφώ, Gréigis Aeólach: Ψάπφω, Sapphô) ina file Sean-Ghréagach, as an bhaile mór Eressos ar oileán Lesbos, a bhí ina ionad cultúrtha sa 7ú haois RC. Rugadh am éigin idir 630 RC is 612 RC í. Creidtear go raibh sí beag is dorcha.
Ainm sa teanga dhúchais | (grc) Σαπφώ |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | Ag deireadh an 7 haois "RCh" Lesbos, An Ghréig |
Bás | c. 570 "RCh" Lefkada, An Ghréig |
Áit chónaithe | Sioracús ársa Mitiléine Lesbos |
Teanga dhúchais | an tSean-Ghréigis |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Filíocht |
Gairm | file, údar, cumadóir, scríbhneoir |
Tréimhse oibre | (Floruit: 600 "RCh") |
Teangacha | An tSean-Ghréigis |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Céile | luach anaithnid |
Siblín | Charaxus |
Bhí Safó, iníon Scamander agus Cleïs, pósta (le trádálaí saibhir, de réir coiméide Aiticí, ach tá sin in amhras) agus bhí iníon aici, darb ainm Cleïs freisin. D'éirigh sí cáiliúil ar feadh a saoil as a cuid filíochta — chomh mór sin gur thóg an baile mór Sioracús dealbh chun onóir a thabhairt di nuair a thug sí cuairt. Bhí a teaghlach gníomhach go polaitiúil, agus rinne Safó mórán taistil. Bhí sí clúiteach ar feadh a saoil freisin mar mháistreás i scoil bhailchríche Ghréagach do chailíní. Ar ndóigh, bhí a cuid mac léinn ina cúrsaí filíochta.
Bhí sí ina file liriceach a d'fhorbair stíl áirithe rannaíochta, ar a dtugtar rannaíocht Shafach, agus tá ardmheas uirthi as a bheith i gceannas ar ghluaiseacht ealaíonta ó ábhar clasaiceach na ndéithe, go dtí ábhar na mothúchán pearsanta daonna. Rinne eipeagram san Anthologia Palatina, a chuirtear i leith Platón, tagairt di mar "an deichiú Bé".