Is í an tSamhail Chaighdeánach d’ fhisic na gcáithníní ná an teoiric a chuireann síos ar thrí cinn de na ceithre fhórsa bunúsach ar a dtugtar (na hidirghníomhaíochtaí leictreamaighnéadacha, laga agus láidre, agus gan an fórsa imtharraingthe san áireamh) sa chruinne, chomh maith le gach buncháithnín atá ar eolas a aicmiú. Forbraíodh í i gcéimeanna i rith an dara leath den 20ú haois, trí obair a lán eolaithe ar fud an domhain, agus tugadh an fhoirmliú reatha chun críche i lár na 1970idí ar dhearbhú turgnamhach go raibh cuairc ann . Ó shin i leith, tá deimhniú breise curtha leis an tSamhail Chaighdeánach le deimhniú an bharrchuairc (1995), an neoidríonó tau (2000), agus bhósón Higgs(2012). Ina theannta sin, tá an tSamhail Chaighdeánach tar éis airíonna éagsúla lagshruthanna neodracha agus bósóin W agus Z a thuar le cruinneas mór.

Tagairtí cuir in eagar