Taoiseach de chuid na nAbenaki ab ea Samoset (nó Somerset freisin, c. 1590 – c. 1653) agus an chéad Mheiriceánach Dúchasach a rinne teagmháil le hOilithrigh Choilíneacht Plymouth. Bhain sé geit as na coilínigh ar an 16 Márta 1621, trí shiúl isteach i gCoilíneacht Plymouth agus beannú dóibh i mBéarla, ag rá "Welcome, Englishmen.".

Infotaula de personaSamoset
Beathaisnéis
Breith1590
Bás1653
62/63 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmtaoiseach treibhe Cuir in eagar ar Wikidata
"Agallamh Samoset leis na hOilithrigh", greanadh leabhar, 1853

Stair cuir in eagar

Fo-cheannaire a bhí i Samoset ar threibh na nAbenaki Oirthearach, a raibh cónaí san áit ar a dtugtar Maine anois. Bhí campa iascaireachta Sasanach bunaithe i Murascaill Maine, áit a d'fhoghlaim Samoset roinnt Béarla ó iascairí a tháinig ag iascach amach ón oileán Monhegan, agus bhí se in ann aithne a chur ar ar fhormhór na gcaptaen long áitiúil.[1]

Tagairtí cuir in eagar