Saoirseacht thraidisiúnta loinge

Baineadh feidhm riamh as saoirseacht thraidisiúnta loinge chun longa adhmaid agus báid den seandéanamh a thógáil. Nuair a tugadh modhanna nua tógála isteach sa 19ú haois d’imigh roinnt mhaith de na sean-nósanna agus den sean-eolas, ach tá tábhacht stairiúil leis an tsaoirseacht úd in Éirinn agus in áiteanna eile agus tá éileamh éigin fós uirthi.

Is iondúil go ndéantar an chabhail de phlancra agus é ceangailte de fhrámaí agus de chíle a dhéantar d’adhmad darach nó de chrua-adhmad eile. Déantar an plancra d’adhmad péine nó a leithéid eile de bhogadhmad.

Modhanna tógála cuir in eagar

Is í bád Hjortspring sa Danmhairg an t-árthach clinse is luaithe a fuarthas go dtí seo. Tógadh í idir 400–300 RCh, agus míle bliain ina dhiaidh sin bhain na Lochlannaigh feidhm as an modh tógála céanna. Déantar longa clinse le fadstrácaí rádail scoilte atá ceangailte de railsí éadroma. Tá tairbhe le baint as sin sa mhéid go ndéanann sé árthach a fhéadann casadh agus lúbadh timpeall a haise faide ó cheann go deireadh. Is maith an rud é seo i measc thonnta an Atlantaigh Thuaidh más toillíocht bheag atá i gceist. Is féidir fónamh a bhaint as déanamh clinse fós agus árthaigh bheaga adhmaid á dtógáil.

Déantar árthaigh phlainc (árthaigh shleamhna) le strácai a leagtar faobhar ar fhaobhar agus a cheanglaítear de fhráma láidir. Cuirtear ócam nó cadás idir na siúntaí chun an t-uisce a choinneáil amach. Deirtear gurb iad na Portaingéalaigh a chum an déanamh seo agus tá sé de bhuntáiste aige gur féidir cabhail mhór righin a thógáil a bhfuil iompar mór inti. De réir mar a d’éirigh fórsaí toirsiúnacha níos treise le hais meáchan an lasta tháinig teorainn le hiompar na long clinse.

I ndiaidh na meánaoiseanna bhí struchtúr réasúnta socair le fáil i dtógáil na long in Iarthar Eorpa. Bhí sé bunaithe ar “shlat droma” a bhí déanta de chíle agus de chílsean istigh, le stuimine ag ceann amháin agus post deiridh ag an gceann eile. D’iompair an chíle framaí trasnacha a bhí déanta d’easnacha íochtair, de mheáneasnacha (nó “fuiteacaí”) agus de mhaidí uachtair, iad ag éirí aníos agus amach chun cruth na tóna agus na dtaobhanna a shocrú. Bhí an struchtúr seo clúdaithe le plancáil fad loinge amuigh agus istigh a chuir craiceann ar an gcabhail agus a threisigh í. Chuaigh maidí trasna idir an dá thaobh agus d’iompair cuid mhaith de phlancáil na deice.[1]

Árthaigh adhmaid thiar agus thoir cuir in eagar

Longa Lochlannacha cuir in eagar

Bhí longa Lochlannacha níos acmhainní agus níos éadroime ná an chuid is mó de longa eile ag an am (idir 800 agus 1000 AD). Is éard ba chúis leis sin déanamh clinse a bhith iontu agus strácaí á n-úsáid a fuarthas as seanchrainn mhóra, go háirithe crainn dara. Dhéanfaí an chíle le hadhmad dara, cheanglófaí an stuimine agus an post deiridh di agus cheanglófaí na strácaí le chéile chun cabhail éadrom theann a dhéanamh; ansin chuirfí na frámaí isteach. Bhí an chabhail idir láidir agus lúbach.[2]

Is iomaí saghas long Lochlannach a bhí ann agus cuid acu chomh mór sin go raibh siad in ann céad fear a iompar. Aon chrann amháin a bhí iontu agus imeacht luath fúthu leis an seol.[3] Faoin 12ú haois, áfach, bhí an long phlainc tagtha i réim, long a raibh iompar mór inti agus ab fhéidir a dhéanamh d’adhmad ar bith. Murab ionann an déanamh clinse, tógadh na frámaí feadh na cíle ar dtús agus cuireadh na stráicí anuas orthu.[2]

Longa Síneacha cuir in eagar

 
An tImpire Kangxi (i réim 1654–1722) agus é ina shuí ar bord siunta.

Tháinig an long Shíneach (siunca) chun cinn le linn an ríora Song (960–1279) agus í bunaithe ar longa Astrainéiseacha a bhí ag trádáil leis an tSín.[4] Tá tile ard agus tosach starrach ag an siunca agus a oiread is cúig chrann inti. Tá na seolta déanta de mhatra nó de línéadach agus baitíní bambú iontu lena lomadh. Is minic stiúir throm aici in ionad cíle. Tá bulcaidí fad loinge agus trasna inti a dhéanann uranna uiscdhíonacha, rud a neartaíonn an struchtúr agus a ligeann don long fanacht ar snámh agus í pollta.[5][6]

Déantar siuncaí d’adhmad camfair, giúise agus péine den chuid is mó (i.e. mar long phlainc), agus nasctar na strácaí le chéile le hailt rabóide.[5]

Uirlisí cuir in eagar

B’fhéidir leis an Lochlannaigh long iomlán a dhéanamh le tua, tál agus tairní, ach mhéadaigh ar an méid uirlisí le himeacht aimsire. D’fhéadfaí feidhm a bhaint as na huirlisí thíos chun na longa adhmaid is thoirtiúla a thógáil, gan trácht ar na báid is lú.

  • Casúr
  • Druilire agus gimléad
  • Iarann corcála/cácála
  • Locar
  • Máilléad
  • Plána
  • Sábh
  • Scriúire
  • Siséal
  • Tairní (copair nó iarainn) agus leicneáin
  • Tál agus tua
  • Teanntáin
  • Tomhas agus bacart

Baill d’árthach adhmaid cuir in eagar

Tosach agus deireadh cuir in eagar

 
An scúnar Appledore II á tógáil

Barriall deiridh (after deadwood): Ball adhmaid ar an gcíle, é buailte suas leis an bpost deiridh.

Barriall tosaigh (forward deadwood): Ball adhmaid ar an gcíle díreach taobh thiar den stuimine.

Ceannmhaidí (knightheads): Maidí ar gach taobh den aprún chun taca a dhéanamh leis an gcrann spreoide agus le cinn tosaigh na strácaí amuigh.

Naprún f4 (apron): Píosa adhmaid a cheanglaítear taobh thiar den stuimine anuas go dtí an bharriall chun taca a dhéanamh leis an stuimine agus le cinn tosaigh na strácaí.

Posta f4 deiridh (sternpost): Maide ingearach ag deireadh na cíle agus rabóidí ann chun cinn strácaí a ghlacadh.

Stuimine f4, graidhp b2 (stem): Maide aníos ón gcíle go dtí an ghunail. É ina cheangal idir an deasbhord agus an clébhord. An chíle agus na strácaí ceangailte de le scarbhailt.

Frámaí cuir in eagar

 
Cabhail adhmaid á déanamh sa Ghréig

Frámaí fir4 (frames): Maidí trasna agus iad curtha in oiriúint do chruth an árthaigh. Cuirtear frámaí ingearacha i lár na cabhlach agus géarmhaidí (i.e. frámaí atá claonta ag an tosach agus ag an deireadh) ag gach ceann den árthach. Tá gach fráma déanta de bhaill éagsúla: an chéad mheáneasna (b4), an dara meáneasna, agus an tríú, ceathrú, cúigiú agus séú meáneasna (nó fuiteac f4); ansin na maidí uachtair fada agus gearra. Tá gach fráma ingearach ceangailte de mhaide urláir (i.e. d’easna íochtair) agus gach géarmhaide ceangailte de bharriall.

Easna b4 (rib): Ceann de na baill chuara atá ceangailte den chíle agus a théann aníos agus amach mar chuid de fhrámaí na cabhlach.

Frámaí líonacha (filling frames): Frámaí gearra idir na frámaí móra ón gcíle aníos fad le casadh an ruma.

Maide f4 urláir/easna b4 íochtair (floor timber): É ag dul trasna na cíle chun fráma ar thaobh amháin a cheangal de fhráma ar an taobh eile.

Maidí hás (hawse pieces): Maidí idir na barriallacha agus na géarmhaidí chun tacú leis an bpíopa hás.

Cíle cuir in eagar

Ceap f1 treo (mast step, mastshoe): Taca os cionn na cíle nó ar dheic a iompraíonn sáil an chrainn.

Cílsean f1 (keelson): Maide atá leagtha ar an gcíle siar ón mbarriall tosaigh go dtí an bharriall deiridh.

Cíle b4 (keel): Fadmhaide faoi bhun loinge no báid chun an chabhail a iompar.

Stuimsean f1 (stemson): Glúin in uillinn an naprúin, uachtar na barréille tosaigh agus cheann tosaigh an chílsin.

Glúin b2 an phosta (sternson): Ar nós an stuimsin ach í suite thiar.

Cabhail cuir in eagar

Cácáil b3, corcáil b3 (caulking): Siúntaí a dhéanamh uiscedhíonach trí iad a phulcadh le hócam le hiarann cácála agus tuairnín.

Clabaí (clamps): Maidí tiubha feadh an fhráma faoi gach sraith de mhaidí deice.

Gabhlóg b2 (crutch): Tá a leithéid le fáil mar a leanas:

Taca an bhumaile ar an rancás.
Ball cuar adhmaid istigh i ndeireadh árthaigh chun sála na géarmhaidí a dhaingniú.
Stáinsí a bhfuil barr gabhlach orthu agus atá suite ar thaobhanna loinge agus ar gheataí bordála chun crainn, slata agus sparraí eile a ghlacadh.

Glúin b2 (knee): Ball cuar adhmaid a mbaintear feidhm as mar theanntán, an ghlúin stuimine agus glúin an transaim san áireamh.

Gunail b2, slat b2 bhoird (gunwale): Barr an phlancra ar thaobh árthaigh.

Maidí deice (deck beams): Maidí cothrománacha trasna árthaigh chun an deic a iompar.

Plancra f4 (planking): Clúdach seachtrach na bhfrámaí agus é déanta de strácaí a bhfuil a gcruth de réir na háite a bhfuil siad ar an gcabhail.

Stráca f4 íochtair (gar-strake, garwood) i ngar don chíle.
Strácaí uachtair (sheer strakes, saxboards) – na strácaí is airde ar an gcabhail.
Bindeanna (wales) – strácaí anuas ó na strácaí uachtair go dtí strácaí an ruma.

Ruma f4 (bilge): An chuid is íochtaraí den taobh istigh den chabhail; an áit ar an taobh amuigh den chabhail a gcuarann an plancra aníos i gcoinne na dtaobhanna ingearacha.

Rungás f1, ribín f4 (stringer): Fadmhaide éadrom.

Síleáil b3 (ceiling): Plancra a chlúdaíonn an taobh istigh den fhráma.

Teafrail b2 (taffrail): An chuid uachtair de dheireadh árthaigh nó ráille os cionn an deiridh.

Uchtán f1 (breasthook): Blocán adhmaid nó glúin atá ceangailte den stuimine, den naprún agus de na clabaí.

Crainn agus slata cuir in eagar

Anuas go dtí lár an 19ú haois san Eoraip is iondúil go mbíodh crann loinge nó báid déanta de mhaide nó de roinnt maidí agus feidhm á baint as stoc buaircíneach. Ón 16ú haois amach bhí longa ag dul i dtoirtiúlacht agus crainn níos toirtiúla ag teastáil dá réir. Chun an airde cheart a bhaint amach rinneadh crainn de cheithre chuid (a dtugtaí “crainn” orthusan freisin) de réir airde: crann íochtair, crann bairr, crann mullaigh agus uaireanta crann níos airde fós – an ríchrann.[7]

Crainn:

  • Crann f1 cinn (foremast)
  • Crann bairr cinn (fore topmast)
  • Crann mullaigh cinn (fore topgallant mast)
  • Crann mór (mainmast)
  • Crann bairr mór (main topmast)
  • Crann mullaigh mór (main topgallant mast)
  • Crann deiridh (mizzen mast)
  • Crann bairr deiridh (mizzen topmast)
  • Crann mullaigh deiridh (mizzen topgallant mast)

Slata:

  • Slat b2 an chrainn chinn (foremast yard)
  • Slat anairt íochtair chinn (fore course yard)
  • Slat barrsheoil chinn (fore topsail yard)
  • Slat an chrainn uachtair chinn (fore topgallant yard)
Agus mar sin ar na crainn eile de réir an phatrúin thuas - Slat an chrainn mhóir (mainmast yard) etc.
  • Crann scóide / bum f3 / bumaile f4 (boom) le geaifil f4 (gaff).

Tagairtí cuir in eagar

Desmond, Charles. Wooden Ship-Building. Rudder Publishing Company 1919: https://archive.org/details/woodenshipbuildi00desmrich/page/48

Naisc cuir in eagar

Gluais de théarmaí seoltóireachta

Long fhada na hÉireann

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Longchlós Cen in Zhoushan i gCúige Zhejiang na Síne[nasc briste go buan]

Nótaí cuir in eagar

  1. Trevor Kenchington: The Structures of English Wooden Ships: William Sutherland’s Ship, circa 1710: https://www.cnrs-scrn.org/northern_mariner/vol03/tnm_3_1_1-43.pdf
  2. 2.0 2.1 Making a Viking Ship: https://regia.org/research/ships/Ships1.htm
  3. Hall, Richard. The World of the Vikings (New York, 2007), lch 55.
  4. Mudie, Rosemary; Mudie, Colin. The history of the sailing ship. Arco Publishing Co. 1975: lch 152
  5. 5.0 5.1 Watertight-bulkhead technology of Chinese junks: https://ich.unesco.org/en/USL/watertight-bulkhead-technology-of-chinese-junks-00321
  6. Encyclopedia Britannica: “Junk”: https://www.britannica.com/technology/junk-ship
  7. Keegan, John. The Price of Admiralty. Viking 1989: lch 278. ISBN 0-670-81416-4