Scannal Elonjet agus Twitter, 2022

Ar 15 Nollaig 2022, chuir Elon Musk an cuntas @ElonJet ar Twitter ar fionraí; cuireadh cuntaisí roinnt iriseoirí aitheanta ar fionraí chomh maith — tar éis dóibh scríobh faoi Musk. Tharraing na gníomhartha seo conspóid timpeall an domhain, an scannal Elonjet ar Twitter.[1] Dúirt Musk, nuair a cheannaigh sé Twitter, go raibh sé go huile is go hiomlán ar son saoirse cainte. Ach nuair a cuireadh na cuntaisí ar fionraí, bhí imní ann go raibh Musk ag iarraidh saoirse cainte a chosc.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtScannal Elonjet agus Twitter, 2022
Cineálgníomh
fionraí cuntais Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana15 Nollaig 2022 Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
seat scáileáin de chuid Elon Musk

@ElonJet cuir in eagar

Faisnéis faoi chúrsaí eitleáin phríobháidigh

Cuireann an cuntas @elonjet[2] faisnéis faoi chúrsaí eitleáin phríobháidigh ar na meáin shóisialta (Facebook, Instagram, Telegram, Truth Social, Mastodon ... agus Twitter, go dtí 15 Nollaig 2022). Faisnéis é seo a fhoilsíonn an Federal Aviation Authority faoi chúrsa gach eitleán príobháideach. D'oscail Jack Sweeney[3] (a rugadh sa bhliain 2002) an cuntas seo agus go leor cuntaisí eile (faisnéis faoi fhir gnó timpeall an domhain agus faoi chúrsaí na n-eitleán príobháideach).

an t-iriseoir Donie O'Sullivan de chuid CNN, Dublin Web Summit 2015

Chuir Musk i leith an chuntais Elonjet go ndearnadh ionsaí ar charr a mhic (sic, a charr agus ní eitleán) de bharr an eolais seo a bheith foilsithe.[4][5]

Cinsireacht cuir in eagar

Cuireadh cuntais roinnt iriseoirí aitheanta ar fionraí ar an lá céanna, cé nach léir gur fhoilsigh siadsan an fhaisnéis seo (faoi chúrsaí eitleáin). Bhí Musk ag déanamh cinsireacht ar thuairimí nár thaitin leis, is cosúil. Cuireadh an cuntas @joinmastodon (Mastodon agus iomaitheoir Twitter) ar fionraí chomh maith.[6]

I measc lucht na meán a cuireadh ar fionraí:

Spreag na gníomhartha de chuid Musk raic cheart i measc an phobail timpeall an domhain. I ndiaidh dhá lá, b'éigean na fionraíochtaí a chur ar cheal de bharr na raice seo. Dáiríre píre, reáchtáil Musk pobalbhreith nó 'reifreann' chun an cheist 'a réiteach'.[7]

Freagairt cuir in eagar

Deir an tAontas Eorpach go bhféadfaí smachtbhannaí a chur air faoi reachtaíocht nua faoi na meáin, agus gur díol imní é an fionraí seo. Ar Twitter féin a chuir an coimisinéir Very Jourova é seo in iúl, á rá gur chuir sé imní uirthi go raibh iriseoirí ar fionraí 'go dírialta' agus gur sárú é seo ar shaoirse na meán agus ar chearta bunúsacha.[4][8]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Thursday Night Massacre" (as en) (2022-12-17). Wikipedia. 
  2. "ElonJet" (as en) (2022-12-16). Wikipedia. 
  3. "Jack Sweeney" (as en) (2022-12-16). Wikipedia. 
  4. 4.0 4.1 Nuacht RTÉ (2022-12-16). "Fainic curtha ag an Aontas Eorpach ar Elon Musk" (as ga-IE). 
  5. David Flett (2022-12-16). "'Crazy stalker' attacks Elon Musk's car and climbs onto bonnet" (en). Dailystar.co.uk. Dáta rochtana: 2022-12-17.
  6. "Twitter blocks users from sharing Mastodon links" (en-GB). BBC News (2022-12-16). Dáta rochtana: 2022-12-18.
  7. "Elon Musk reinstates Twitter accounts of suspended journalists" (en). the Guardian (2022-12-17). Dáta rochtana: 2022-12-18.
  8. "Musk Faces European Anger Over Twitter Ban of Journalists" (en). Bloomberg.com (2022-12-16). Dáta rochtana: 2022-12-19.