Scorach Ghlionnáin

Laoch pobail i mbéaloideas as Conamara

Is laoch pobail béaloideasúil as Conamara é Scorach Ghlionnáin. Rinne sé gníomhartha gaisce agus fóirithinte ar phobal a bhí á mbascadh agus á gcrá ag na tiarnaí talún gan trócaire, na Blácaigh. Deirtear gur chineál de Robin Hood Chonamara a bhí ann 'a bhain don saibhir agus a thug don bhocht'. De réir an tseanchais, mhair an Scorach agus a bhuíon chróga i nGlionnán, taobh le talamh na mBlácach ar an Tulaigh.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarScorach Ghlionnáin
Cineállaoch finscéalach Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
NáisiúntachtÉire Cuir in eagar ar Wikidata
"Má bhí Robin Hood sa mbéaloideas ag muintir Shasana ba é Scorach Ghlionnáin [Gleannán] a bhí i gConamara agus lán mála scéalta ar an teallach faoi na gníomhartha gaisce agus fóirithinte a rinne sé ar phobal a bhí á mbascadh agus á gcrá ag na tiarnaí talún gan trócaire a bhí thíos ar an gCaisleán, na Blácaigh."

Tá scéalta éagsúla béaoidis a bailíodh le feiceáil ar dúchas.ie.

Carachtar ag Ó Sandair cuir in eagar

Chum Cathal Ó Sandair sraith de scéalta ficsin faoin gcarachtar.

  • Scorach Ghlionnáin ó Chonamara, Club Leabhar Nua-Éireann, Oifig an tSoláthair, Aibreán 1958, Clúdach: William G. Spencer
  • Cuir Fios ar Scorach Ghlionnáin, Club Leabhar Nua-Éireann, Oifig an tSoláthair, Nollaig 1956, Clúdach: William G. Spencer
  • Scorach Ghlionnáin agus Ballaí Indreabháin!, Club Leabhar Nua-Éireann, Oifig an tSoláthair, Iúil 1955, Clúdach: William G. Spencer, Díolta: >200

Blaiseadh de Scorach Ghlionnáin agus Ballaí Indreabháin! "Na Blácaigh bhradacha!"

Is mór an díomá a bhí ar Ó Sándair nuair a diúltaíodh do dhá lámhscríbhinn faoi eachtraí Scorach Ghlionnáin. Níor scríobh sé aon cheann eile.

Scríobh Brian Ó Baoill dráma dar teideal Scorach Ghlionnáin atá le fáil ina leabhar drámaí Sútha Talún agus Drámaí Eile.

"Ar an Tulach a bhí na Blácaigh, na straoiseacháin gan náire Cloithreach a d' fhág siad bánaí agus na Cartúir ar chaon taobh Ach más fíor a bhfuil ar pháipéar scríobhtha síos ag Cathal Ó Sandair Thug Scorach Ghlionnáin treascairt dhóibh a d'fhág criothán ina gcroí."

Filíocht agus Feannadh Cóil Learaí Ó Finneadha

"Tá cuimhne sa gceantar fós ar an scéal faoin gcaoi ar ghoid Scorach Ghlionnáin tarbh ó Wallace agus faoin gcaoi ar roinn sé an fheoil ar bhochtáin an cheantair.  Sna 1830daí ba é James Blake a bhí ina thiarna agus tá a ainm, Séamus a 'Bhlácaigh, fanta sa seanchas agus sna scéalta béaloidis faoi Scorach Ghlionnáin. Tá scéalta faoin Scorach le fáil sa leabhar Peadar Chois Fharraige, seanchas áitiúil a bhailigh Seán Mac Giollarnáth ó Pheadar Mac Thuathaláin, as Cois Fharraige agus as Gaillimh, agus a foilsíodh in 1934. Tá na scéalta seo agus scéalta nach iad beo i gcuimhne na ndaoine fós, faoin gcaoi ar ghoid Scorach Ghlionnáin ó dhaoine saibhre le fóirthint ar bhochtáin."

Camchuairt Chonamara Theas Liam Mac Con Iomaire

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

https://www.google.com/search?q=Scorach+Ghlionn%C3%A1in+robin&client=firefox-b-e&sxsrf=AJOqlzXh8Pg1CWs5O9KJ190r6hZOse4JvQ%3A1675158220782&ei=zOLYY4auL4ylgQazi6SwBQ&ved=0ahUKEwiGxMTVwvH8AhWMUsAKHbMFCVYQ4dUDCA4&uact=5&oq=Scorach+Ghlionn%C3%A1in+robin&gs_lcp=Cgxnd3Mtd2l6LXNlcnAQAzIFCCEQoAEyBQghEKABOggIABCiBBCwAzoFCAAQogRKBAhBGAFKBAhGGABQqARY-whgxwpoAXAAeACAAWuIAfIDkgEDNS4xmAEAoAEByAEFwAEB&sclient=gws-wiz-serp

https://issuu.com/uccexpress/docs/complete_freshers