Seán Heuston

poblachtánach Éireannach

Réabhlóidí Éireannach agus ball de Fianna Éireann ab ea Seán Mac AodhaSeán Heuston as Béarla (21 Feabhra, 1891 - 8 Bealtaine, 1916). Bhí sé gníomhach maidir le bunú na bhFianna agus ba gearr go raibh sé ina oifigeach agus ag mealladh tuilleadh fear.[1]

Seán Heuston
Sean-Heuston.jpg
Saol
Eolas breithe Baile Átha Cliath, Feabhra 21, 1891
Náisiúntacht Éire
Bás Príosún Chill Mhaighneann, Bealtaine 8, 1916
Áit adhlactha Reilig Mhíleata Chnoc an Arbhair
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás  (bású ag scuad lámhaigh)
Gairm
Gairm saighdiúir agus polaiteoir
Ballraíocht Bráithreachas na Poblachta
Seirbhís mhíleata
Céim captaen
Throid sé/sí ag Éirí Amach na Cásca

Cuireadh chun báis é i gPríosún Chill Mhaighneann sa bhliain 1916. Ní raibh sé ach 25 bliana d'aois ag an am.

SaolCuir in Eagar

Rugadh Heuston ar 21 Feabhra 1891 ag 24 Shráid Gloucester Íochtarach, Baile Átha Cliath, mac le John Heuston, cléireach, agus le Maria McDonald.[2]

Fuair sé oideachas go dtí an an grád idirmheánach ó na Bráithre Críostaí ar Scoileanna O'’Connell ar Shráid Richmond Thuaidh.

LuimneachCuir in Eagar

Agus é seacht mbliana déag d’aois (1908), chuaigh sé isteach sa Great Southern and Western Railway Company mar chléireach. Bhí sé lonnaithe i Luimneach ar feadh sé bliana, áit a bhí sé gníomhach mar mhaor le Fianna Éireann.

Chuaigh sé isteach i bhFianna Éireann, an club gasógaíochta a rinne Bulmer Hobson agus an Chuntaois Markievicz, i mí Lúnasa 1909. D’eagraigh sé brainse an-ghníomhach i Luimneach, ag a raibh ballraíocht de 250 buachaill sa deireadh thiar thall.[2] Chaith sé an chuid is mó den am saor a bhí aige san eagraíocht: ag múineadh Gaeilge agus stair, ag déanamh druileanna, ag máirseáil agus chabhraigh sé le baill íoc as a gcuid éidí.

Ar ais i mBÁC, 1913-1916Cuir in Eagar

Aistríodh go Baile Átha Cliath é ag an GSWR in 1913 agus cuireadh chuig oifig an bhainisteoir tráchtála ag stáisiún traenach Kingsbridge é (stáisiún Heuston atá air anois).

Sna blianta 1913-1916, bhí Heuston, páirteach in oideachas na mbuachaillí i Scoil Éanna agus d’eagraigh siad druileáil agus cleachtadh le muscaedaíocht.[3]

 
Is ina dhiaidh atá stáisiún Heuston agus Droichead Heuston i mBaile Átha Cliath ainmnithe.

Lean sé leis a chuid oibre le Fianna Éireann, áit ar chas sé le Con Colbert agus Liam Mellows, an bheirt acu feiceálach san eagraíocht. Tugadh ceannas ar bhrainse dó ar an taobh ó thuaidh den chathair, lonnaithe in Hardwick Hall.[2]

Tugadh ardú céime dó mar leas-cheannfort de Bhriogáid Bhaile Átha Cliath agus rinneadh stiúrthóir traenála de freisin. D’earcaigh Colbert agus Pádraig Mac Piarais é chun traenáil a thabhairt do na mic léinn ar Scoil Éanna i ndruileáil agus muscaedaíocht. Ar ócáid na hairm a theacht i dtír i mBinn Éadair i mí Iúil 1914, stiúir sé fórsa Fhianna a thug seachadadh gunnaí ar ais go Baile Átha Cliath go sábhailte ar chairt.

Chuaigh Heuston le hÓglaigh na hÉireann go gairid i ndiaidh a bhunaithe i mí na Samhna 1913. Rinneadh captaen de sa deireadh thiar thall ar an 1ú Cathlán de chuid Ned Daly. D’'oibrigh sé go crua leis a chomplacht, ag eagrú máirseálacha agus inlíochtaí, ag cothú meon dúthrachta agus comrádaíochta, agus ag soláthar airm agus trealaimh trí cheannach agus úsáid á bhaint aige as gach meán a raibh ar láimh aige.[2]

 
Cuimneachán i bPáirc an Fhionnuisce

Eirí AmachCuir in Eagar

Ar Luan Cásca tugadh ceannas ar an Institiúid Déiríochta dó, foirgneamh ar an taobh ó dheas ó Abhainn na Life, laistiar de na Cheithre Cúirteanna, mar a raibh Daly agus an 1ú Cathlán lonnaithe. Is é an chúram a bhí ar Heuston ná an bealach idir an Bheairic Ríoga (Dún Uí Choileáin ní ba dhéanaí, agus anois ina Ard-Mhúsaem na hÉireann) agus na Ceithre Cúirteanna ar feadh roinnt uaireanta sa chaoi is go mbeadh am go leor ag Daly agus a raibh fágtha den 1ú Briogáid socrú isteach.

Mar a tharla, sheas Heuston agus a chomplacht de 30 fear an fód ar feadh níos mó ná dhá lá.

Agus iad timpeallaithe agus gan cúis dóchais acu, ghéill Heuston ar an Chéadaoin.

BásúCuir in Eagar

Cuireadh Seán Heuston os comhair chúirt airm agus daoradh chun báis é. Coinníodh é i nDún Richmond sular tugadh go Príosún Chill Mhaighneann é. Cuireadh chun báis é ar an 8ú Bealtaine 1916 agus é cúig déag is fiche bliain d'’aois. B'’é an fear is óige dóibh siúd a cuireadh chun báis.

Níor phós sé roimh a bhás. D'’fhág sé a mháthair agus a dheartháir Michael ina dhiaidh, a bhí ina mhac léinn ar an Dominican Priory i dTamhlacht agus é ag dul le sagartacht.[2]

CuimhneachánCuir in Eagar

I 1966, ainmníodh Stáisiúin Heuston i mBaile Átha Cliath ina chuimhne.








TagairtíCuir in Eagar



Éirí Amach na Cásca
Daoine a shínigh Forógra na Poblachta (curtha chun báis)

Pádraig Mac Piarais | Tomás Ó Cléirigh | Tomás Mac Donnchadha | Seosamh Pluincéad | Éamonn Ceannt | Seán Mac Diarmada | Séamas Ó Conghaile

Daoine eile a cuireadh chun báis

Éamonn Ó Dálaigh | Liam Mac Piarais | Mícheál Ó hAnnracháin | Seán Mac Giolla Bhríde | Mícheál Ó Mulláin | Conchur Ó Colbaird | Seán Heuston | Tomás Ceannt | Ruairí Mac Easmainn

Éireannaigh mór le rá eile

Éamon de Valera | Constance Markiewicz | Mícheál Seosamh Ó Rathaille | Eoin Mac Néill | Éamonn Bulfin | Cathal Brugha | Risteard Ó Maolchatha | Liam Ó Maoilíosa | Seán Mac an tSaoi | Tomás Mac Curtain | Tomás Ághas | Máirtín Sabhaois | Proinsias Mac Síthigh-Sceimhealtún | Helena Ní Maolomhnaigh