Is éard is seachtracht[1] ann ná costas nó buntáiste a bhaineann le gníomhaíocht eacnamaíoch nach bhfuil corpraithe sa phróiseas cinnteoireachta den tosca eacnamaíoch a dhéanann an gníomh. Mar sin, bheadh gá le hidirghabháil chun iompraíochtaí a chur chun cinn a mbíonn seachtrachtaí dearfacha mar thoradh orthu agus chun seachtrachtaí diúltacha a dhíspreagadh.[2]

Seachtracht dhiúltach agus soláthar agus éileamh, mar shampla, truailliú

Samplaː seachtracht dhiúltach cuir in eagar

Is seachtracht dhiúltach é an truailliú arna ghiniúint ag fuinneamh neamh-inathnuaite. Go minic, níl aon bhealach ag tríú páirtithe chun an truailliú sin a stopadh nó a laghdú tríd an margadh toisc nach ann do “mhargadh le haghaidh truailliú” ina bhféadfadh na tríú páirtithe sin an mhonarcha a íoc chun laghdú a dhéanamh ar a cuid truaillithe.[3]

An fharraige ː acmhainn saor in aisce, gan rialacháin ?

Samplaː seachtracht dhearfach cuir in eagar

Má nascann tomhaltóir le líonra cuirfear lena leasa, ach má nascann sé/sí, méadaíonn an líonra agus bíonn níos mó nasctha, a ardaíonn leas na n-úsáideoirí deiridh ar an líonra céanna (seachtrachtaí líonra dearfacha).[2]

Réiteach na faidhbeː cáin nó rialacháin cuir in eagar

B'fhéidir gur íocann 'údar an truaillithe" na damáistí. Mar shampla, ghlac Rialtas na hÉireann sa bhliain 2021 leis an bprionsabal an "truaillitheoir a íocann"; gheall Clár an Rialtais "sin á dhéanamh againn, díreoimid aon arduithe cánach ar na cánacha sin a ghearrann cáin ar seachtrachtaí diúltacha, ar nós cáin charbóin, cáin ar shiúcra agus cáin ar phlaisteach".

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. (economic) externality i mBéarla
  2. 2.0 2.1 comreg.ie (2020). "Ráiteas Straitéise um Chumarsáid Leictreonach, 2021 go 2023". Dáta rochtana: 2022.
  3. Coimisiún Eorpach (2021). "Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2021". Grúpa taighde Gaois. Dáta rochtana: 2022-12-14.